« back Ráitis Bhliantúla Airgeadais
 

01. Céard iad Ráitis Airgeadais Bliantúil?

Cuimsíonn ráitis airgeadais bliantúil cuideachta - (a) clár comhardaithe amhail ar an dáta deireadh na bliana airgeadais, (b) cuntas brabúis agus caillteanais don bhliain airgeadais, agus (c) aon ráitis breise eile agus faisnéise a theastaíonn ón creat tuairiscithe airgeadais a glacadh i ndáil leis an gcuideachta.  Ní mór dóibh léargas fíor agus cóir na sócmhainní, dliteanais, staid airgeadais agus brabús nó caillteanas na cuideachta amhail ar dháta deireadh na bliana airgeadais.

02. An bhfuil oibleagáid ar Cuideachtaí Ráitis Bhliantúla Airgeadais a ullmhú?

Tá, éilítear ar stiúrthóirí cuideachta ráitis airgeadais don chuideachta a ullmhú i leith gach bliain airgeadais.  Má theipeann ar an gcuideachta an riachtanas seo a chomhlíonadh, beidh an chuideachta agus aon oifigeach di a rinne mainneachtain ciontach i gcion chatagóir 2.

03. An bhfuil sé de cheart leis na comhaltaí Ráitis Airgeadais Bhliantúla a fháil?

Tá, tá ceart ag gach comhalta den chuideachta cóip a fháil de ráitis arigeadais reachtúla an chuideachta tráth nach lú ná 21 lá roimh an gcruinniú ginearálta roimh a leagtar iad (tagraíonn Ailt 338 & 339 d’Acht na gCuideachtaí 2014).

04. Cé a formheasann na Ráitis Airgeadais?

Ceadaíonn an bórd stiúrthóirí ráitis airgeadais reachtúla na cuideachta nuair atá siad sásta go dtugann na ráitis airgeadais léargas fíor agus cothrom ar staid airgeadais na cuideachta agus go cloíann siad le Acht na gCuideachtaí.

 Tar éis faomhadh, síneoidh beirt stiúrthóirí na ráitis airgeadais thar ceann an bhoird stiúrthóirí. (Tagraíonn Alt 324(1) d’Acht na gCuideachtaí 2014).

 Ba choir a thabhairt faoi deara go deireann Alt 324(7) go measfar a bheith páirteach sa cheadú gach stiúrthóir den cuideachta ag am a cheadú an ráiteas reachtúil, ach amhain más féidir leis/léi go ndearna sé/sí gach beart réasúnach bac a chur lena gceadú.

 

05. An bhfuil gá le Ráiteas Airgeadais a leagan faoi bhráid an CGB?

Tá, éilítear ar stiúrthóirí cuideachta an Ráiteas Airgeadais Reachtúil do gach bliain a leagan ar roimh na comhaltaí ag an CGB.  Ba chóir go mbeadh na ráitis airgeadais a leagadh faoi bhráid an CGB a bheith laistigh de 9 mí ó dháta dheireadh na bliana airgeadais (Alt 3541 d’Acht na gCuideachtaí 2014).

06. An féidir le cuideachta a dáta deireadh bhliana airgeadais a athrú?

Is féidir, ach Alt 288 d'Acht na gCuideachtaí 2014 a chomhlíonadh.  Ba cheart iarratas a dhéanamh ar an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (OCC) ar an foirm forordaithe - Foirm B83 nasc https://www.cro.ie/Publications/Company-Forms

Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e