« back Ról agus Ghniomhachtaí OSFC
 

01. Céard a dhéanann an OSFC?

Is é an bunról atá againn a chinntiú go bhfuil dlí cuideachta á urramú.  Chun cabhair le hoifigigh chuideachta agus eile dlí na gcuideachtaí a thuiscint agus a chomhlíonadh, tá roinnt Leabhrán Faisnéise agus Treoir Thapa  foilsithe ag an OSFC ar ról, dúlgais agus cumhachtaí stiúrthóir, rúnaí, comhaltaí srl. faoi Acht na gCuideachtaí na hÉireann. 

Nuair a bhímid sásta go bhfuil sárú á dhéanamh ar oibleagáidí dlí faoin na hAchtanna, déanaimid machnamh faoi an ionchúiseoimid na páirtithe a mheastar a bheith ciontach os comhair na Cúirte nó an ngabhfaimid i mbun gníomh forfheidhmithe fóirsteanaigh eile.

Le haghaidh tuilleadh eolais breathnaigh ar leathanach Faoin OSFC ar an suíomh idirlín.  Ba chóir duit freisin do shuim a chlárú ar líne chun nuashonraithe ar gníomhaíocht OSFC a fháil.

02. Cá bhfaighidh mé eolas faoi ghníomhaíocht an OSFC?

Foilsíonn OSFC gach bliain Tuarascáil Bhliantúil a leagann amach a gníomhartha príomha i rith na bliana. Sa bhreis, is féifir go foilseomid eolas FoilseacháinRáitis Phoiblí ar ár tsuíomh idirlín. Chun choinneáil i dteagmháil le gníomhartha mar sin, is féidir leat do shuim a chlárú chun fógra r-phoist a fháil ar nuashonruithe in OSFC.

03. Cá háit is féidir liom eolas a fháil faoi mo chuid dualgas mar stiúrthóir cuideachta nó mar rúnaí agus faoi dhualgais Chuideachta?

D'fhoilsigh an OSFC sraith de Leabhrán Faisnéise agus Treoir Thapa  ag déileáil leis na príomhdhualgais agus leis na príomhchumhachtaí atá ag Chuideachtaí, ag Stiúrthóirí Cuideachta, ag Rúnaithe Cuideachta, ag Chomhaltaí agus Scairshealbhóirí, ag Iniúchóirí, ag Chreidiúnaithe, ag Leacthaitheoirí, ag Ghlacadóirí agus Scrúdaitheoirí. Ullmhaíodh na Leabhair sin d'fhonn forálacha casta dlí cuideachta a dhéanamh níos simplí do léitheoirí neamhghairmiúla.  Áfach, sa chás go bhfuil aon amhras maidir lena n-oibleagáidí dlíthiúla nó cearta, ba chóir dóibh comhairle ghairmiúil dlí nó cuntasaíochta neamhspleách a fháil.

Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e