« back Dícháilithe 2004
 

Measadh Miceal McGovern a bheith dícháilithe.

Dé Máirt 12 Deireadh Fómhair 2004


Sonraí na gCosantóirí:
Tenants First (Ireland) Limited
Uimhir Chuideachta: 255182
Oifig Chláraithe: 21 Sráid Park, Dún Dealgain, Co. Lú. 

Miceal McGovern AGUS Inge McGovern
Seoladh: c/o 21 Sráid Park, Dún Dealgain, Co. Lú. 

Ionad Coinne:
Cúirt Dúiche, Dún Dealgain. 

Breitheamh:
Breitheamh Dúiche, Brennan 

Cion/Cionta a Líomhnaítear:
Cuireadh trí chúis i leith gach ceann de na cosantóirí a bhain le sárú Alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 a chuireann ceangal ar chuideachtaí leabhair chuí chuntas a choinneáil. Bhain na cúiseanna leis na blianta airgeadais a chríochnaigh 31 Nollaig 1997, 31 Nollaig 1998 agus 31 Nollaig 1999. Ina theannta sin cúisíodh Miceal McGovern as sárú Alt 183 (1) d’Acht na gCuideachtaí 1963 trí ghníomhú mar stiúrthóir ar Tenants First (Ireland) Limited ar feadh na tréimhse 8 Nollaig 1999 go 8 Nollaig 2002 a fhad is a bhí sé ina fhéimheach neamhurscaoilte de réir bhrí Ailt 2(1) d’Acht na gCuideachtaí 1963 (arna leasú). 

Toradh:
Chinn an Breitheamh Brennan go raibh na 9 gcúis a bhain le sárú Alt 202 agus ar cuireadh ina gcoinne cruthaithe. Tar éis an chiontaithe ghearr an Chúirt fíneálacha de €150 ina iomláine ar gach ceann de na cosantóirí agus dhámh costais ionchúisimh de €1,041.93 ina iomláine. De bhreis air sin dámhadh costais de €300 le híoc ag an gcuideachta i dtaca le finnéithe. 

Cinneadh go raibh an chúis a bhain le halt 183 ar cuireadh ina coinne cruthaithe freisin. Ciontaíodh Miceal McGovern sa chion sin, gearradh fíneáil de €50 air agus ordaíodh dó costais ionchúisimh de €217.08 a íoc. Nótáil an Chúirt tar éis dó bheith ciontaithe i gcion faoi Alt 183(1) d’Acht na gCuideachtaí 1963 go meastar Miceal McGovern, de bhun Alt 183(2) den acht céanna, a bheith faoi réir ordú dícháilithe. Is í éifeacht na forála sin go bhfuil Miceal McGovern dícháilithe maidir le bheith i bpost mar stiúrthóir ar aon chuideachta atá cláraithe sa Stát ar feadh tréimhse 5 bliana ag tosú 12 Deireadh Fómhair, 2004. Shocraigh an Chúirt cúirtbhannaí i leith gach páirtí i gcás achomhairc. 

Uasdhátú 30/11/04: Níor bhain na cosantóirí leas as an rogha sin.

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e