« back Dícháilithe 2004
 

Measadh William McCormack a bheith dícháilithe .

Dé hAoine 26 Samhain 2004


Sonraí an Chosantóra:
William McCormack 

Seoladh:
3 Páirc Firgrove, Baile an Easpaigh, Corcaigh. 

Ionad Coinne:
Cúirt Dúiche Chorcaí. 

Breitheamh:
Breitheamh Dúiche, Riordan 

An Cion mar a Líomhnaítear:
Cúisíodh an cosantóir i sárú Alt 161 (1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 trí ghníomhú mar stiúrthóir ar Regdewood Flooring Limited ar feadh na tréimhse 10 Nollaig 2001 go dtí 22 Meán Fómhair 2004 a fhad is a bhí sé faoi réir shrianadh na hArd-Chúirte de bhun Alt 150 den Acht céanna agus trí mhainneachtain na coinníollacha maidir le gníomhú mar stiúrthóir cuideachta atá forordaithe san Acht a urramú 

Toradh:
Tar éis pléadáil chiontach ciontaíodh William McCormack, gearradh fíneáil de €600 air agus ordaíodh dó costais ionchúisimh de €218 a íoc. Nótáil an Chúirt tar éis a chiontaithe i gcion faoi Alt 161 d’Acht na gCuideachtaí 1990 go meastar William McCormack, de bhun Alt 161(2) den Acht céanna, a bheith faoi réir ordú dícháilithe. Is í éifeacht na forála sin go bhfuil William McCormack dícháilithe ó bheith i bpost mar stiúrthóir ar aon chuideachta atá cláraithe sa Stát ar feadh tréimhse 5 bliana ag tosú 26 Samhain, 2004

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e