« back Dícháilithe 2005
 

D'éirigh leis an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach Ordú Dícháilithe a bhaint amach i leith Beirt Stiúrthóirí Cuideachta Tógála.

Dé Céadaoin 21 Nollaig 2005


D'éirigh leis an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach Ordú Dícháilithe a bhaint amach i leith Beirt Stiúrthóirí Cuideachta Tógála. 

Chuir an Ard-Chúirt ordú dícháilithe ar Paul Rogers agus ar Patrick Rogers an 21 Nollaig 2005 ar feadh tréimhse chúig bliana ag eascairt as mí-iompar le linn dóibh bheith ina stiúrthóirí ar Barnroe Limited. Is i ndiaidh don Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach iniúchadh ar leabhair agus ar dhoiciméid na cuideachta de bhun alt 19 d'Acht na gCuideachtaí 1990 a thabhairt chun críche a cuireadh tús le himeachtaí dícháilithe. Cuireann cinneadh na cúirte toirmeasc ar an mbeirt faoi bheith ag feidhmiú mar stiúrthóirí cuideachta nó baint a bheith acu go díreach nó go hindíreach le cur chun cinn, le foirmiú nó le bainistíocht chuideachta ar feadh tréimhse 5 bliana 

Rinneadh an Ard-Chúirt a breithiúnas i dtrí chinn de chásanna faoi leith a bhaineann leis an ábhar mar a leanas: 
Breithiúnas maidir le huimhir thaifid 490 COS/2004 na hArd-Chúirte agus maidir le hAchtanna na gCuideachtaí 1963 go 2003 agus maidir le hiarratas de bhun alt 160(2) d'Acht na gCuideachtaí 1990 idir an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach, Iarratasóir, agus Paul Rogers agus Patrick Rogers Freagróirí. 

Breithiúnas maidir le huimhir thaifid 638 JR/2004 na hArd-Chúirte idir Paul Rogers, Patrick Rogers agus Barnroe Limited, Iarratasóirí, agus George Maloney, An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach, Coimisinéir an Gharda Shíochána, Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí agus Breitheamh na Cúirte Dúiche Geoffrey Browne, Freagróirí. 

Breith maidir le hUimhir Thaifid 639 J.R./2004 na hArd-Chúirte idir Trevor Rogers, Jason Rogers agus Barnmac Contracting Limited - Iarratasóirí agus George Maloney, An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach, Coimisinéir an Gharda Shíochána, Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí agus Breitheamh na Cúirte Dúiche Geoffrey Browne, Freagróirí. 

Doiciméidí le Íoslódáil

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e