« back Dícháilithe 2014
 

Scriosadh amach Achomharc Cúirte Uachtaraí - OSFC i gcoinne an tUasal Michael Keane

Dé Luain 23 Márta 2015


 Cúlra:
An 31.07.2008 dhícháiligh an Ardchúirt an tUasal Michael Keane ar feadh trí bhliain de dhroim cinneadh na Cigirí Ardchúirte ina dtuarascáil ar National Irish Bank Limited (NIB) agus National Irish Bank Financial Services Limited (NIBFS).

Tá breithiúnas scríofa ceadaithe an Breithimh Roderick Murphy (Béarla amháin) le fáil sa bhuniris, chomh maith le iris ar éisteacht níos déanaí aighneachtaí breise (Béarla amháin).

Achomharc Cúirte Uachtaraí:
An 23.3.2015 críochnaíodh an Achomharc Cúirte Uachtaraí. Le toiliú, dhíchuir an Cúirt Uachtarach – an tUasal Breitheamh O’Donnell, an tUasal Breitheamh McKechnie agus an Iníon Breitheamh Dunne - Ordú na hArdchúirte a rinne an tUasal Breitheamh Murphy an 31.07.2008 agus ina ionad sin rinne an Cúirt Dearbhú Srianta ar feadh cúig bhliain in aghaidh an Freagróir de bhun Alt 150(1) d'Acht na Cuideachtaí 1990 i bhfeidhm ón 06.05.2014.

Scriosadh amach an Achomharc, chomh maith le Tras-Achomharc an Stiúrthóir, gan Ordú Costas.

Díchuireadh gach Ordú Costas eile na hArd-Chúirte.

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e