« back Ionchúiseamh 2002
 

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach i gcoinne Patrick McCormack. An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach i gcoinne Josephine McCormack.

Dé hAoine 1 Samhain 2002


Sonraí na gCosantóirí 
Patrick McCormack agus Josephine McCormack, Stiúrthóirí ar Cameo Company Limited, 

Uimh. Chuideachta 161524. 

Seoladh: 58 Coill Blundel, Éadan Doire, Contae Uíbh Fháilí. 

Ionad Coinne: 
Cúirt Dúiche Éadan Doire 

Breitheamh: 
Breitheamh na Cúirte Dúiche John Neilan 

Cionta a Líomhnaítear: 
Líomhnaítear sárú ar Alt 202 d'Acht na gCuideachtaí 1990 a chuireann ceangal ar chuideachtaí leabhair chuí chuntas a choinneáil; ar Alt 119 d'Acht na gCuideachtaí 1963 a bhaineann le Clár Comhaltaí; ar Alt 60 d'Acht na gCuideachtaí 1990 a bhaineann le Clár Leasanna Stiúrthóirí/Rúnaithe i Scaireanna nó i mBintiúir na cuideachta. 

Toradh: 
Tar éis pléadáil chiontach ciontaíodh na Cosantóirí i ngach cúis. Gearradh fíneáil €800 ar Patrick McCormack maidir leis an gcion faoi Alt 202 agus fíneáil €100 maidir le gach ceann de na cionta faoi Alt 119 agus faoi Alt 60. Níor gearradh aon fíneálacha ar Josephine McCormack. Deonaíodh €208 chostais don ionchúisitheoir.

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e