Sonraí na gCosantóirí: G.P.S.I Limited
Uimhir Chuideachta: 224381
Oifig Chláraithe: Baile an Mhuilinn, Carn Domhnach, Co. Dhún na nGall
Sonraí an stiúrthóra: Gerard Moyne agus Alan Martin Moyne
Ionad Coinne:
Cúirt Dúiche Bhun Cranncha
Breitheamh: Breitheamh na Cúirte Dúiche John O’Donnel
Cion/Cionta a Líomhnaítear: Líomhnaítear gur sháraigh na cosantóirí Alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 a chuireann ceangal ar chuideachtaí leabhair chuí chuntas a choinneáil. Bhain na cúiseanna leis an mbliain airgeadais ó 1 Meán Fómhair go dtí 31 Lúnasa 2001.
Toradh:
Tar éis pléadáil chiontach chiontaigh an Chúirt an chuideachta agus gach stiúrthóir. Gearradh fíneáil €500 ar an gcuideachta agus ordaíodh di freisin costais €600 + CBL @ 21% a íoc leis an ionchúisitheoir agus táillí €920 a íoc i dtaca le tinreamh finnéithe ag an gcúirt. Gearradh fíneáil €250 ar gach stiúrthóir.