« back Ionchúiseamh 2005
 

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach i gcoinne Century City Limited.

Dé Céadaoin 21 Nollaig 2005


Sonraí na gCosantóirí: 
Oifig chláraithe chuideachta na 7 Cuideachtaí: Sheridan Imax Theatre, Lárionad Parnell; Sráid Parnell, Baile Átha Cliath 1 

Ionad Coinne: 
Cúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath. 

Breitheamh: 
Breitheamh na Cúirte Dúiche O’Donnell 

Cion/Cionta a Líomhnaítear: 
Cúisíodh gach duine de na cosantóirí i gceithre chion a bhain le sárú ar Alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 a chuireann ceangal ar chuideachtaí leabhair chuí chuntas a choinneáil. Bhain na cúisithe leis an tréimhse airgeadais ó 1 Deireadh Fómhair 2000 go dtí 30 Meán Fómhair, 2004. 

Toradh: 
Níor chuir an cosantóir i gcoinne na gcúiseamh. Shíl an Chúirt an cás a bheith cruthaithe, caitheadh amach na cúiseanna (faoi Alt 1 (1) den Acht um Promhadh Ciontóirí 1907) ar an gcoinníoll go n-íocfadh na cosantóirí ranníoc €5,000 le carthanas.

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e