Ionchúiseamh 2005

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach i gcoinne Phelim Scanlon agus Marion (Mary) Scanlon.

Dé Máirt 20 Nollaig 2005


Sonraí an Chosantóra: 
Phelim Scanlon 

Seoladh: Mooretown, Ráth Tó, Co. na Mí 

Mary (tugtar Marion uirthi freisin) Scanlon 

Seoladh: Moorestown, Ráth Tó, Co. na Mí 

Ionad Coinne: 
Cúirt Dúiche Dún Seachlainn 

Breitheamh: 
Breitheamh na Cúirte Dúiche Brophy 

An Cion mar a Líomhnaítear: 
Cúisíodh na cosantóirí as sárú alt 161(1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 trí ghníomhú mar stiúrthóirí nó mar rúnaí ar chuideachta, le linn bheith faoi réir ordú srianta a rinne an Ard-Chúirt de bhun Alt 150 den Acht céanna agus trí mhainneachtain na gcoinníollacha atá forordaithe san Acht maidir le gníomhú ar bhonn leanúnach mar stiúrthóir cuideachta nó mar rúnaí a urramú. 

Toradh: 
Maidir le Phelim Scanlon: 
Tar éis pléadáil chiontach i gcúis amháin a bhain le gníomhú mar stiúrthóir maidir le sárú ar Alt 161 (1) d'Acht na gCuideachtaí 1990 i dtaca le St. Mochta’s Property Management Company Limited, chiontaigh an Chúirt an cosantóir agus ghearr fíneáil €1,904 air agus dhámh costais €300 don ionchúisitheoir. 

Tar éis pléadáil chiontach i gcúis amháin a bhain le gníomhú mar rúnaí maidir le sárú ar Alt 161 (1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 i dtaca le St. Mochta’s Property Management Company Limited, chiontaigh an Chúirt an cosantóir agus ghearr fíneáil €500 air. 

Tar éis pléadáil chiontach i gcúis amháin a bhain le gníomhú mar stiúrthóir maidir le sárú ar Alt 161 (1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 i dtaca le Cygnet Properties Limited, chiontaigh an chúirt an cosantóir agus ghearr fíneáil €1,904 air. 

Tar éis pléadáil chiontach i gcúis amháin a bhain le gníomhú mar rúnaí maidir le sárú ar Alt 161 (1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 i dtaca le Cygnet Properties Limited, chiontaigh an chúirt an cosantóir agus ghearr fíneáil €500 air. 

Tar éis pléadáil chiontach i gcúis amháin a bhain le gníomhú mar stiúrthóir maidir le sárú ar Alt 161 (1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 i dtaca le Cardy Rock Management Company Limited, chiontaigh an chúirt an cosantóir agus ghearr fíneáil €1,904 air. 

Tar éis pléadáil chiontach i gcúis amháin a bhain le gníomhú mar rúnaí maidir le sárú ar Alt 161 (1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 i dtaca le Cardy Rock Management Company Limited, chiontaigh an chúirt an cosantóir agus ghearr fíneáil €500 air. 

Tar éis pléadáil chiontach i gcúis amháin a bhain le gníomhú mar stiúrthóir maidir le sárú ar Alt 161 (1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 i dtaca le Coolmine Properties Limited, chiontaigh an chúirt an cosantóir agus ghearr fíneáil €1,904 air. 

Tar éis pléadáil chiontach i gcúis amháin a bhain le gníomhú mar rúnaí maidir le sárú ar Alt 161 (1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 i dtaca le Coolmine Properties Limited, chiontaigh an chúirt an cosantóir agus ghearr fíneáil €500 air. 

Maidir le Mary (tugtar Marion uirthi freisin) Scanlon: 
Tar éis pléadáil chiontach i gcúis amháin a bhain le gníomhú mar stiúrthóir maidir le sárú ar Alt 161 (1) d'Acht na gCuideachtaí 1990 i dtaca le Cardy Rock Management Company Limited, chiontaigh an Chúirt an cosantóir agus ghearr fíneáil €1,904 uirthi agus dhámh costais de €300 don ionchúisitheoir. 

Tar éis pléadáil chiontach i gcúis amháin a bhain le gníomhú mar stiúrthóir maidir le sárú ar Alt 161 (1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 i dtaca le Golden Meadow Construction Limited, chiontaigh an chúirt an cosantóir agus ghearr fíneáil €1,904 uirthi. 

Tar éis pléadáil chiontach i gcúis amháin a bhain le gníomhú mar rúnaí maidir le sárú ar Alt 161 (1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 i dtaca le Golden Meadow Construction Limited, chiontaigh an chúirt an cosantóir agus ghearr fíneáil €500 uirthi. 

I ndiaidh bheith ciontaithe i gcion faoi alt 161 d'Acht na gCuideachtaí 1990, meastar Phelim Scanlon agus Mary (nó Marion mar a thugtar uirthi freisin) Scanlon de bhun Alt 161(2) den Acht céanna bheith faoi réir ordú dícháilithe. Is é iarmhairt na forála sin go bhfuil Phelim Scanlon agus Mary (nó Marion mar a thugtar uirthi freisin) Scanlon dícháilithe maidir le bheith ceaptha nó le gníomhú mar iniúchóir, stiúrthóir nó mar oifigeach eile, mar ghlacadóir, leachtaitheoir nó mar scrúdaitheoir nó maidir le bheith bainteach nó páirteach ar shlí ar bith bíodh sé go díreach nó go hindíreach i gcur chun cinn, i bhfoirmiú nó i mbainistíocht aon chuideachta nó aon chumann atá cláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1978 ar feadh tréimhse 5 bliana ag tosú 20 Nollaig 2005. 

Shochraigh an Chúirt cúirtbhannaí i gcás achomhairc.

Theme picker

New Publication:

Single Guide for Companies 
Email info@odce.ie for a copy

Please visit FAQs before contacting the office

Covid-19 and AGMs

Rialuithe Cúirte

Theme picker

COVID-19 NOTICES
Temporary contact details
Insolvency related issues
Data Protection issues
Statement on the performance of our functions
Temporary amendments to Companies Act 2014
(extended to 30th April 2022)

Airí

Foilseacháin Nua: Treoir Do Cuideachtai Aonbhaill
Chuir rphoist chuig info@odce.ie chun cóip a fháil
Tabhairt cuairt ar na CFManna sula ndéanann tú teagmháil leis an oifig
Covid-19 agus CGBanna.

Ceard atá Nua

FÓGRAÍ COVID-19
Sonraí teagmhála sealadacha
Saincheisteanna - Dócmhainneacht
Saincheisteanna - Cosaint Sonraí

Ráiteas - feidhmíocht ár bhfeidhmeanna (Béarla amháin)
Leasuithe sealadacha ar Acht na gCuideachtaí 2014
(síneadh go 31 Nollaig 2021)

Nuacht is Déanaí

Tuarascáil Bhliantúil na OFSC do 2021 le fáil anois

Deiseanna gairme leis an Údarás Forfheidhmithe Corparáideach

Bunú an UFC