« back Ionchúiseamh 2006
 

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach i gcoinne John McElhinney

Dé Céadaoin 1 Samhain 2006


Sonraí an Chosantóra:
John McElhinney,
107 Garrán Ghort an Mhada Rua,
Ráth Eanaigh,
Baile Átha Cliath 5. 

Ionad Coinne:
Cúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath 

Breitheamh:
Breitheamh na Cúirte Dúiche McVeigh 

An Cion mar a Líomhnaítear:
Cúisíodh an cosantóir in dhá chúis: 

(1): I ráiteas a éisiúint i bhfoirm "Certificate of Director and Secretary" i gcomhlíonadh airbheartaithe ar na forálacha in Alt 18 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1986 a bhí bréagach i bponc ábhartha sa mhéid is go ndúirt sé go raibh an tuarascáil a bhí ceangailte leis ina cóip dhílis de thuarascáil na n-iniúchóirí i dtaca le cuideachta i gcúinsí inarbh fhios dó é bheith bréagach nó go raibh sé meargánta maidir leis an gcéanna. Contrártha le hAlt 242(1) and le hAlt 240(1) d'Acht na gCuideachtaí 1990. 

(2): I dtáirgeadh "Certificate of Director and Secretary" i gcomhlíonadh airbheartaithe ar na forálacha in Alt 18 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1986, a bhí bréagach i bponc ábhartha sa mhéid is go ndúirt sé go raibh an tuarascáil a bhí ceangailte leis ina cóip dhílis de thuarascáil na n-iniúchóirí i dtaca le cuideachta i gcúinsí inarbh fhios dó é bheith bréagach nó go raibh sé meargánta maidir leis an gcéanna. Contrártha le hAlt 242(1) and le hAlt 240(1) d'Acht na gCuideachtaí 1990. 

Toradh:
Phléadáil an cosantóir neamhchiontach agus dá bhrí sin éisteadh leis an dá chúis ina n-iomláine. Chiontaigh an Chúirt an cosantóir i gcion i dtaca le cúis (1) thuas agus ghearr fíneáil de €800 air agus d'ordaigh dó costais fínnéithe de luach €1,120 agus costais ionchúisitheora de €290 a íoc. 

Maidir le cúis (2) scrios an Chúirt an chúis. 

Shochraigh an Chúirt cúirtbhannaí de €800 i gcás achomhairc

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e