« back Ionchúiseamh 2008
 

An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí i gcoinne Stuart Fogarty

Dé Céadaoin 28 Bealtaine 2008


 Sonraí an Chosantóra: 
 Stuart Fogarty, Stiúrthóir Aubrey Fogarty Associates Limited

Uimhir Cuideachta:
24806

Oifig Cláraithe:
46, Plás Shéamuis Thoir, Baile Átha Cliath 2.

Ionad Coinne: 
Cúirt Churada Choiriúil Baile Átha Cliath

Breitheamh:
An Breitheamh Onórach Delahunt

Cion(ta) a Líomhnaítear:
Cúisíodh an cosantóir ar 13 chúiseamh i leith, mar Stiúrthóir Aubrey Fogarty Associates Limited, a thug sé údarás agus cheadaigh sé an cuideachta sin airgead a thabhairt dó ar iasacht (agus Stiúrthóir den cuideachta é ag an am sin) agus fhios aige nó cúis réasúnach fios a bheith aige go sháródh an cuideachta dá bharr sin Alt 31 d'Acht na gCuidachtaí 1990. Is iad cionta indíotála de bhun Alt 40(1) d'Acht na gCuidachtaí 1990

Toradh:
An 28ú Bealtaine 2008, ar phléadáil chiontach, chiontaigh an Cúirt ar gach cheann dena 13 scór agus ghearr sí fíneála ar an méid iomlán €34,000.  Ghearr an Chúirt freisin pianbhreith dhá bhliain ar fionraí ag baint le cion amháin.  Maidir le dhá chion eile, ghearr an Chúirt pianbhreith choimeádta dhá bhliain, ach chuir sí in iúl go mb'fhéidir go ionadófaí é le Seirbhís Pobail dá socródh an Chúirt go raibh an cosantóir oiriúnach, agus tuairisc ón Seirbhís Promhaidh agus Leasa dearcadh aici (an ceist le bheith os comhair na Cúirte le dhearchadh an 11ú Iúil 2008).

An 11 Iúil 2008, árna éisteacht na h-aighneachtaí ar son an ionchúiseamh agus an cosaint, d'ordaigh an Chúirt go comhlíonadh an cosantóir 249 uair a chloig Seirbhís Pobail ach chuir sí ar atráth dearcadh na ceiste amuigh dícháiliú an t-Uasal Fogarty go dtí an 17ú Nollaig 2008 (ag éirí de bhun alt 160(1) d'Acht na gCuideachtaí 1990).

An 17ú Nollaig 2008, tar éis dearcadh ceist an dícháilithe, dhícháiligh an Cúirt an t-Uasal Fogarty ar feadh tréimhse se mhí (ón 28ú Bealtaine go dtí 27ú Samhain 2008).

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e