« back Ionchúiseamh 2013
 

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach i gcoinne Declan Moloney AGUS Seamus Moloney.

Déardaoin 14 Samhain 2013


An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach i gcoinne Declan Moloney AGUS Seamus Moloney.
12 Samhain 2013.

Sonraí na gCosantóirí:
Declan Moloney agus Seamus Moloney

Seoltaí:
Declan Moloney 21 Manéir Gleann an Choim, An Caisleán Nua, Co. Luimneach.
Seamus Moloney, 2 Céide na Pailme, An Caisleán Nua, Co. Luimneach.

Ionad Coinne:
Cúirt Dúiche An Caisleán Nua.

Breitheamh:
Breitheamh Dúiche Mary Larkin

Cionta a Líomhnaítear:
Cúiseadh gach cosantóir le sárú Alt 161(1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 ag gníomhú mar stiúrthóir D Tops Limited, Uimh. Cuideachta 418066 agus faoi réir ordú srianta a rinne an Ard-Chúirt de bhun Alt den Acht céanna.

Toradh:
Ar pléideáil ciontach, chiontaíodh na cosantóirí ar leith, gearradh fíneáil de €750 ar leith agus ordaíodh iad costais ionchúisimh ar iomlán €1,250 a íoc eadarthu. Agus iad ciontaithe ar cion faoi Alt 161 d’Acht na gCuideachtaí 1990, meastar go bhfuil Declan Moloney agus Seamus Moloney i leith, de bhun Alt 161(2) den Acht céanna, faoi réir orduithe dícháilithe. Rinne an ionchúisitheoir iarratas iar-ciontú de bhun Alt 162 d’Acht na gCuideachtaí 1990 go ceart go rithfeadh tréimhse an dícháilithe Declan Moloney agus Seamus Moloney ar feadh 2 bhliain ó data an ciontuithe agus rinne an Cúirt ordú mar sin. Is é éifeacht an foráil seo ná go bhfuil Declan Moloney agus Seamus Moloney dícháilithe ó bheith ceapaithe mar nó gníomh mar iniúchóir, stiúrthóir no oifigeach eile, glacadóir, leachtaitheoir nó scrúdaitheoir nó bheith in aon slí, cibé acu go díreach nó go hindíreach, bainteach le nó ag glacadh páirte i cur chun cinn, foirmiú nó bainistíocht aon cuideachta nó cumanncláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Choigiltis go 1978 ar feadh tréimhse 2 bhliain ag tosú an 12ú Samhain 2013.

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e