« back Disqualification Cases 2003
 

Measadh Jeffrey Burton a bheith dícháilithe.

6 Bealtaine 2003


Sonraí an Chosantóra Ainm:
Jeffrey Norman Burton 

Ionad Coinne:
Cúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath, Uimhir 44 

Breitheamh:
Watkin 
Na Cionta a Líomhnaítear:
Sárú Alt 183 d’Acht na gCuideachtaí, 1963 arna leasú ag alt 169 d’Acht na gCuideachtaí 1990 - ba é cineál an chiona gur ghíomhaigh sé mar oifigeach cuideachtaí a fhad is a raibh sé ina fhéimheach neamhurscaoilte. 

Toradh:
Tar éis pléadáil chiontach ciontaíodh an tUasal Burton as bheith ina oifigeach ar na cuideachtaí a leanas:- 

1. Advanced Cosmetic Surgery Ltd – Cuideachta Uimhir 275689
2. Biotec Direct Ltd - Cuideachta Uimhir 311266
3. Ruthar Ltd - Cuideachta Uimhir 348523. 

Gearradh fíneáil €800 air i ndáil le 1 thuas; agus €200 sa dá chás i ndáil le 2 agus 3 thuas. Ina theannta sin cuireadh an tUasal Burton faoi réir Ordú Dícháilithe ar feadh tréimhse chúig bliana, de bhun alt 169 d’Acht na gCuideachtaí 1990.