An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach AGUS Michael Morris agus Joan Morris. Maidir le Belmont Hotels Limited Agus Maidir le EFRT Limited Agus Maidir le Alt 160 d'Acht na gCuideachtaí 1990.
Belmont Hotels Limited
Uimhir Cuideachta: 129129
Oifig Cláraithe: Páirc an Teampaill, Cnoc Mhuire, Contae Mhaigh Eo
EFRT Limited
Uimhir Cuideachta: 397664
Oifig Cláraithe: F/Ch Michael Morris, M&C Financial Services, Sráid Shéamuis, Clár Chlainne Mhuiris, Contae Mhaigh Eo
Sonraí na Cosantóirí:
Michael Morris
Seoladh: Lehinch, Maolla, Contae Mhaigh Eo
Joan Morris
Seoladh: Lehinch, Maolla, Contae Mhaigh Eo
Ionad Coinne:
Ard-chúirt, Baile Átha Cliath.
Breitheamh:
Breitheamh Mary Finlay Geoghegan
An Iarratas:
De bhun Alt 160(2)(h) d'Acht na gCuideachtaí 1990 (árna leasú le alt 42(b) d'Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí 2001), is féidir leis an Stiúrthóir iarraidh dícháiliú stiúrthóra cuideachta bainte den Clár na gCuideachtaí go neamhdheonach de bhun Alt 12 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1982.
De bhun Alt 160(3A), is feídir le stiúrthóirí cosaint go rathúil iarratas dícháilithe mar sin trí thaispeáint don Ard Chúirt nach raibh aon dliteanas ag an cuideachta ag am bainte den Chlár éadoilteanach nó go scaoileadh as aon dliteanais roimh dáta an iarratais dícháilithe. Nuair a measann an Cúirt go h-oiriúnach é, tá lánrogha ag an Cúirt idir stiúrthóir a dícháiliú ar tréimhse a measann sí oiriúnach nó é nó í a srianadh ar feadh cúig bliain.
Toradh:
An 16ú Nollaig 2013, dícháileadh Michael Morris ar feadh 5 bhliain ón dáta sin, de bhun forálacha Alt 160 d'Acht na gCuideachtaí 1990. Déicháileadh Joan Morris freisin ar feadh tréimhse 5 bhliain ón dáta sin, arís de bhun forálacha Alt 160.
D'fhoráil an Ordu freisin go aisghabháil an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach óna Freagróirí faoi seach Costas na n-imeachtaí, na costs sin a bheith fómhasta sa chás nach bhfuil comhaontú.