« back Nochtadh Cosanta
 

Is féidir Nochtadh Cosanta a bhaineann le sárú Dhlí na gCuideachtaí a dhéanamh leis an Stiúrthóir trí ríomhphost a sheoladh chuig protected.disclosures@odce.ie. Is féidir leat tuilleadh eolas a fháil faoi ról an Stiúrthóra maidir le Nochtadh Cosanta a fháil inár bPolasaí.

Le hAlt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014, foráiltear go ndéanfaidh gach comhlacht poiblí tuarascáil a ullmhú agus a fhoilsiú, tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh gach bliain, ar tuarascáil é a bhaineann leis an mbliain díreach roimhe sin i bhfoirm nach féidir na daoine lena mbaineann a aithint. Ní mór go sonraítear an méid a leanas sa tuarascáil thuasluaite:

i. líon na nochtuithe cosanta a tugadh don chomhlacht poiblí;

ii. an gníomh (más ann dó) a rinneadh mar fhreagairt ar na nochtuithe cosanta sin; agus

iii. aon fhaisnéis eile a bhaineann leis na nochtuithe cosanta sin agus an gníomh a rinneadh de réir mar a bhféadfadh an tAire Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe a iarraidh ó am go ham.

Áiríonn OSFC an tuarascáil seo ina Tuarascáil Bhliantúil gach bliain.  Sa bhreis, tá mionsonraí ar fáil ar na fo-leathanaigh ábhartha atá liostaithe thíos nó ón roghchlár ar chlé na leathanaigh seo.

2019 - 2020

2017 - 2018

2015 - 2016

 


Search

Office of the Director of Corporate Enforcement
16 Parnell Square, Dublin 1
Telephone: +353 1 858 5800
Email: info@odce.ie