« back Ár Riachtannais Eolais
 

Le cúnamh a thabhairt don OSFC chun a sainchúram forfheidhmithe a chleachtadh faoi Achtanna na gCuideachtaí tá sé den riachtanas go gcuirfidh an pobal ar fáil don Oifig aon eolas a chuireann imthosca maidir le mí-iompar duine aonair nó le mí-iompar corparáideach faoi Achtanna na gCuideachtaí i gcéill. B’fhéidir go gcaithfimid cúnamh a iarraidh ónar gcomhfhreagraithe ar bhonn leanúnach i gcásanna áirithe. I bhfianaise an mheasa a dhéanfaimid ar an eolas agus ar an ábhar taca déanfaimid cinneadh faoi cén gníomhú, dá mbá ann dó dár gcuidse a bheadh cuí agus cé an chaoi b’oiriúnaí chun sásamh a bhaint amach nó pionós a ghearradh faoin dlí.

Cuirimid Foirm Ghearáin ar fáil duit leis na nithe ar cás duit iad a chur in iúl dúinn. Is ann atá leagtha amach an cineál eolais a theastódh uainn chun gearán a mheas mar is cuí. Tig leat cóip leictreonach a íosluchtáil ónár suíomh idirlín. Tar éis an Fhoirm a chomhlíonadh cuir ar aghaidh chugainn í leis an doiciméadú a bhaineann leis agus a thacaíonn le do dhearbhú maidir le mí-iompar corparáideach nó le mí-iompar duine aonair.

Tabhair faoi deara le do thoil nach ngabhfaidh an OSFC i mbun gnímh i gcás gach gearáin. Ar na cúinsí ina bhféadfaimis cinneadh a dhéanamh nár chóir baint a bheith againn leis an scéal tá:

  • má tá an ceart ag an ngearánaí de réir dlí cás sibhialta a thionscnamh i gcoinne na cuideachta nó i gcoinne páirtí nach í a bhfuil conspóid aige/aici leis agus nuair is leor sin chun an scéal a leigheas.
  • murar léir go bhfuil Achtanna na gCuideachtaí á shárú. Más rud é áfach go bhfuil sé le tuiscint go bhfuil reachtaíocht eile á shárú tig linn an gearánaí a chur faoi bhráid na n-údarás ábhartha (m.sh. an Garda Síochána (sa chás gur féidir calaois a bheith i gceist, na Coimisinéirí Ioncaim sa chás go bhfuiltear amhrasach faoi shárú dlí cánach, an tÚdarás Iomaíoch sa chás go gceaptar sárú dlí iomaíochta a bheith i gceist, etc.);
  • má bhaineann an sárú atá luaite ó cheart le dualgais forfheidhmithe Chláraitheoir na gCuideachtaí, rud a chinnteoidh go gcuirfear faoi bhráid a Oifige é, nó
  • mura bhfuil an chumhacht faoin dlí ag an OSFC idirghabháil a dhéanamh go héifeachtúil.


Ceangal Gaolmhara:
Aonad Fhorfheidhmiú
• Foirm Gearráin


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e