« back Dóchmhainneachta
 
Baineann damáiste tráchtála do chreidiúnaithe agus do pháirtithe leasmhara eile i gcuideachtaí dócmhainneacha nuair nach n-íoctar as earraí agus seirbhísí.

Ceann de na fáthanna gur bunaíodh OSFC an pobal a bheith buartha faoi stiúrthóirí ag gníomhú go mí-mhacánta agus go mífhreagrach i roinnt cásanna de loiceadh corparáideach agus nach raibh pionós á ghearradh i leith iompair den sórt sin nuair a tharla sé san am atá caite.

Is é tasc an Aonaid Dhócmhainnigh an fhreagracht atá ar Stiúrthóir faoi dhlí cuideachta i ndáil le cuideachtaí dócmhainneacha a chur i bhfeidhm trí,
  • Mhaoirsiú Leachtaitheoirí agus iad i mbun a nDualgas Cuí.
  • Iompar Stiúrthóirí a mheas i gCúinsí Leachtaithe Dhóchmhainnigh.
  • Pionós a Ghearradh i leith Iompar Calaoiseach nó Maslach.

Caithfidh leachtaitheoirí cuideachtaí dócmhainneacha tuairisc a chur chuig an OSFC faoina bhforléasadh agus caithfidh siad dul go dtí an Ard-Chúirt agus ordú srianta a iarraidh i leith gach ceann de stiúrthóirí na cuideachta mura bhfaigheann siad fuascailt ón oibleagáid sin ón Aonad Dócmhainneach.

Bíonn Aonad Dócmhainneach an OSFC go gníomhach ag tabhairt cuireadh do chreidiúnaithe, do pháirtithe leasmhara agus don phobal i gcoitinne gearáin maidir le gníomhaíocht Stiúrthóirí cuideachtaí dóchmhainneacha agus/nó feidhmíocht leachtaitheoirí agus glacadóirí a chur chuige.

Ceangal Gaolmhara:

Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e