Doiciméidí Seirbhíse Chustaiméara
Tá an Oifig tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin a sholáthar ar mhodh éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Is é is aidhm dúinn seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar dár gcustaiméirí, faoi mar a shonraítear inár gCairt Chustaiméirí, agus caighdeán na seirbhíse a sholáthraímid a fheabhsú ar bhonn leanúnach. Tabharfaidh an Plean Chustaiméirí tacaíocht do feidhmiúcháin tiomantas seirbhíse inár gCairt Chustaiméirí.

Mar chustaiméir, d’fhéadfá a bheith míshásta leis an gcaighdeán seirbhíse a fuair tú ón Oifig. Aithnímid gur féidir meancóga a dhéanamh agus moilleanna a tharlú. Ceaptar ár Nósanna Imeachta Gearán chun cabhrú leat gearán a dhéanamh ionas go bhféadfaimid freagairt agus, nuair is féidir, rudaí a cheartú.

Tugann ár ndoiciméidí Seirbhíse Chustaiméirí feidhm don tiomantas seo. Is réimeas ar leithligh é seo ón córas a déileálann le gearáin maidir le sáruithe Dlí na gCuideachtaí. Chun tuairim a thabhairt nó gearáin a dhéanamh maidir le Seirbhís Chustaiméirí, is féidir leat úsaid a bhaint as an fhoirm a forbraíodh chun na críche sin agus má tá tú míshásta le láimhseáil do ghearán tá foirm iarratas Athbhreithniú le fáil freisin.

Ceisteanna a Fiafraítear go Minic

Spreagann OSFC an pobal cuairt a thabhairt ar na CFManna (ceisteanna a fiafraítear go minic) arna leathnú le haghaidh eolas roimh theagmháil a dhéanamh leis an oifig.

Treoir Nua le Fáil

Tá iad seo a leanas árna eisiúnt le OSFC:  

7 Leabhrán Eolais nua agus 

12 Treoir Thapa nua bunaithe ar Acht na gCuideachtaí 2014.