« back Seirbhísí Corparáideach
 
Is acmhainn an tAonad Seirbhísí Corparáideach a chabhraíonn le OSFC feidhmiú go héifeachtach agus tá freagracht air as riarachán ginearálta na hOifige.

Is éard atá i gceist leis sin ullmhúchán Pleananna Gnó, aontú faoi agus bainistiú a dhéanamh ar bhuiséad bliantúil na hOifige, ar phearsanra, ar cheisteanna oiliúna, ar Theicneolaíocht Eolais agus Cumarsáide (TEC) ar thacaíocht do shuíomh idirlín agus an obair chothabhála a déantar air, ar sholáthar don oifig agus ar íocaíochtaí oifige, ar áitreabh oifige agus an obair chothabhála a déantar air, ar shaincheisteanna a bhaineann le Sláinte agus le Sábháilteacht san oifig, ar chomhordú FOI agus ar ullmhúchán Tuarascáil Bhliantúil na hOifige.

Téann an tAonad i mbun caidrimh freisin leis an Roinn Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta chun saincheisteanna cosúil le buiséad bliantúil na hOifige, earcú foirne, an Córas Feidhmíochta Bainistíochta agus Forbartha etc., a phlé.

Ceangal Gaolmhara:
•  Foirmeacha & Modhanna OSFC

Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e