« back Cruinnithe
 

01. An bhfuil ceanglas ar chuideachtaí Cruinniu Ginearálta Bliantúil (CGB) a thionól? NUASHONRÚ COVID-19

Go ginearálta, tá ceanglas de réir an dlí ar cuideachtaí CGB a thionól gach bliain féilire agus agus ba cheart nach mó ná 15 mhí idir CGB agus an chéad cheann eile (Alt 157 d’Acht na gCuideachtaú).  Is éard atá i CGB ná cruinniú de chomhaltaí na cuideachta ag ar féidir baill ceisteanna a chur agus eolas faoin cuideachta a fháil.
Leasuithe sealadacha nua ar Acht na gCuideachtaí 2014 maidir le CGBanna chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a chruthaigh Covid-19
Tugann an tAcht forálacha eisceachtúla isteach ar feadh tréimhse ar leith (Lúnasa 2020 go 31 Nollaig 2020) d’Acht na gCuideachtaí 2014 mar fhreagairt ar na deacrachtaí eacnamaíocha agus an riosca do shaol an duine agus do shláinte an phobail de bharr an ghalair Covid-19. Éascaíonn sé tionól cruinnithe ginearálta a reáchtáil lena n-áirítear CGBanna le linn na tréimhse eatramhaí agus leagann sé amach socruithe eatramhacha nua mar seo a leanas: 
Ligeann sé do chuideachtaí:

  • an rogha CGB 2020 a thionól ar dháta níos déanaí ná a ndáta ábhartha ach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2020;
  • CGBanna a thionól go hiomlán nó go páirteach ag baint úsáide as teicneolaíocht cumarsáide leictreonaí gan aon ghá le hionad fisiceach, ar an gcoinníoll go mbeidh deis réasúnach ag gach duine a bheidh i láthair páirt a ghlacadh sa chruinniú;
  • na ráitis agus na tuarascálacha airgeadais a leagan os comhair comhaltaí ag an CGB moillithe in ionad an fhráma ama 9 mí (a341 (2)) ag an chruinniú;
  • cuidiú le rannpháirtíocht sa CGB trí úsáid na teicneolaíochta cumarsáide leictreonaí a sholáthar nó a éascú, lena n-áirítear meicníocht chun vótaí a chaitheamh, roimh an gcruinniú nó lena linn;
  • srian comhréireach a sholáthar chun a chinntiú go sainaithneofar lucht freastail agus slándáil na teicneolaíochta cumarsáide leictreonaí chun an riosca éillithe sonraí agus rochtain mhídhleathach a laghdú;
  • an cruinniú a chealú, ionad a athrú, an bealach chun an cruinniú a thionól a athrú, tráth ar bith suas go dtí an lá roimh an gcruinniú d’fhonn cloí le treoirlínte sláinte poiblí an rialtais.

Fógra faoi Chruinnithe Ginearálta le linn na tréimhse eatramhaí
Caithfidh an méid seo a leanas a bheith san fhógra do chomhaltaí ó chuideachtaí a thionóil cruinnithe trí mhodhanna leictreonacha le linn na hidirthréimhse;

  • an t-ardán leictreonach atá le húsáid;
  • sonraí maidir le rochtain ar an ardán leictreonach;
  • fráma ama chun tinreamh a dhearbhú;
  • aon srian atá i bhfeidhm d’fhonn lucht freastail a shainaithint;
  • nós imeachta chun ceisteanna a chur;
  • nós imeachta vótála.

02. An féidir le roinnt chuideachtaí a roghnú gan CGB a thionól?

Is féidir le cuideachtaí áirithe, mar “cuideachta comhalta aonair” agus TEOanna, a dhiúscairt leis an ngabháltas ar CGB.  Baineann rialacha speisialta i gcás ina gcinneann cuideachta gan CGB a reáchtáil.

Cuideachta comhalta aonair - is féidir le comhalta aonair cuideachta cinneadh gan CGB a thionól.  Ba chóir don comhalta scríobh chuig an cuideachta chun cur in iúl di faoin a c(h)inn gan CGB a thionól.  Tá sé de dhualgais ar an chuideachta na ráitis airgeadais agus doiciméid eile a sheoladh de gnáth chuig an comhalta roimh CGB chuig an comhalta (Alt 196 d’Acht na gCuideachtaí).

Cuideachta TEO: Ní mór do gach comhalta de TEO (i gcás ina mbeidh níos mó ná comhalta amháin) cheadú agus rún scríofa a shíniú gan CGB a reáchtáil.  Ní mór an rún a bheith ceadaithe roimh an dáta is déanaí chun an CGB a thionól, agus ní mór do gach conhalta a dheimhniú i scríbhinn go bhfuil ráitis airgeadais na cuideachta faighte acu agus go n-aontaíonn siad gach ní eile a bheadh a chinneadh de ghnáth ag an CGB.  Is chomh bailí an rún seo agus dá mbeadh sé arna rith ag an CGB (Alt 175 (3) d'Acht na gCuideachtaí).

Cuideachta Teoranta le Ráthaíocht (CTR): Ní féidir le Cuideachtaí Teoranta le Ráthaíocht (CTR) le níos mó ná ball amháin an CGB a ligean thar ceal - Alt 1202 d’Acht na gCuideachtaí.

03. An bhfuil gá fógra a thabhairt ar thionól CGB?

Tá.  Tá é ag teastáil le cuideachta fógra 21 lá a thabhairt do comhaltaí agus daoine eile i dteideal fógra a fháil faoi reáchtáil CGB agus an ghnó atá le plé ann.  Eisíonn an tréimhse fógra seo a lá a eisítear an fógra agus lá an CGB (Alt 181(3) d’Acht na gCuideachtaí).

04. Cad ní mór an fógra i dtaobh an CGB a chur san áireamh?

De gnáth áirítear sa fógra i dtaobh an CGB: data, am agus áit coinne an chruinnithe; an clár oibre (ag liostáil míreanna le plé agus ar a vótáil ag an CGB); na ráitis airgeadais (lena n-áirítear tuariscí na stiúrthóirí agus na n-iniúchóirí (más ann)); agus nóta a insíonn don comhalta faoina a c(h)eart seachvóta a cheapadh agus an foirm cumhachta vótála iniata.

05. Conas a thugtar an fógra do na comhaltaí

Féadfaidh an chuideachta an fógra scríofa a sheirbheáil ar na comhaltaí mar seo a leanas:

(a) An fógra i scríbhinn a thabhairt don chomhalta isteach ina lámh;

(b) An fógra a sheoladh ar an bpost; nó

(c) An fógra a sheoladh ar bhealach leictreonaice, má cheadaítear sin faoi rialacha na cuideachta.

Sa chás nach gceadaítear faoi rialacha na cuideachta fógra a sheoladh ar mhodh leictreonaice, is féidir leis na comhaltaí na rialacha a leasú.  Chun sin a dhéanamh, ní mór don chuideachta rún a chur os comhair na gcomhaltaí ar féidir vótáil air ag CGB nó ag Cruinniú Ginearálta Urghnách (CGU).  Chun an togra a rith, ní mór aontú 75% ar a laghad díobh siúd a vótáileann ag an CGB leis an athrú (Alt 218 Acht na gCuideachtaí).

 

 

06. An féidir cuideachta a stiúradh CBG a thionól?

Is féidir.  Má mhainníonn cuideachta CGB a reáchtáil, féadfaidh aon chomhalta den chuideachta a iarraidh ar an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach an tionól CGB a lorg. Ba chóir an t-iarratas a chur isteach ar Fhoirm Gearáin atá le fáil ar shuíomh idirlín OSFC.

07. Ar cheart CGBanna a thionól sa Stát?

Is ceart.  Ba chóir CGBanna a thionól sa Stat, seachas nuair a ceadaíonn na hAirteagail Chomhlachais eile agus, sa bhreis, nuair a aontaíonn na comhaltaí go léir go thionólfar an cruinniu lasmuigh den Stát.

08. Céard is córam ann?

Is é atá i gcóram ná an líon is lú comhaltaí ní mór a freastal ar chruinniú (go pearsanta nó trí sheachvótálaí) chun é a bheith ina cruinniú bailí.  Is é an córam (a) do chuideachta comhalta aonair ná comhalta amháin, agus (b) do gach cineál chuideachta eile ná beirt comhalta.  Áfach, is féidir le cuiideachta líon is airde a roghnaigh mar córan ina bunreacht (Alt 182 d’Acht na gCuideachta 2014).

09. Cad a tharlaíonn nach bhfuil córam i láthair?

Más rud é nach mbeidh córam i láthair laistigh de 15 nóiméid den t-am tosaithe sceidealta ar an gcruinniú, ní féidir aon gnó a idirbheartú agus beidh an cruinniú ar atráth.

Más rud é nach mbeidh córam i láthair ag an cruinniú ath-tionólta laistigh de leath-uair den t-am tosaithe sceidealta, is iad na comhaltaí i láthair an córam agus is féidir lean ar aghaidh leis an cruinniú.

10. Seachvótálaí

Tá aon chomhalta de chuideachta atá i dteideal bheith i láthair agus vótáil ag cruinniú den chuideachta i dteideal duine eile a cheapadh ina sheachvótálaí chun freastal ar an gcruinniú.

11. Cad iad na ceartaí atá ag 'Seachvótálaí'?

Tá an ceart céanna ag seachvótáilaí leis an gcomhalta a cheapfar iad, chun bheith i láthair, chun labhairt agus chun vótáil ag an gcruinniú. (Alt 183 AgC 2014). Mar sin féin, níl aon cheart ag seachvótálaí bheith igceannas ar chruinniú.

12. An bhfuil gá fógra a thabhairt chun Cruinniú Ginearálta Urchnách (CGU) a thionól?

Tá.  Tá fógra 14 lá ag teastáil de gnáth chun CGU cuidachta phoiblí a thionól, agus fógra 7 lá i cuideachta príobháideach.

Go ginearálta, tionólann cuideachtaí CGUanna nuair atá ábhair de roinnt práinne nó tábhacht le phlé ag na comhaltaí.  Is féidir le stiúrthóirí cuideachta CGU a thionól aon uair a mheasann siad is cuí é.  Is féidir freisin le comhalta nó comhaltaí de chuideachta atá 50% dá laghad acu den scairchaipiteal íoctha den cuideachta CGU a thionól.

13. An bhfuil gá cruinnithe stiúrthóra a thionól?

Níl riachtanas reachtúil ann cruinnithe stiúrthóra a thionól.  Áfach, measann an OSFC go riachtanas bunúsach é go mbeadh cruinniú go rialta ag stiúrthóirí chun saincheisteanna ábhartha a phlé agus cinnte a shéanamh.  Beidh sa Bhunreacht de gnáth (Airteagail Chomhlachais) rialacha bunúsacha áirithe a rialú, ach go ginearálta fágann siad go leor saoirse do na stiúrthóirí a gcruinnithe a rialú mar is cuí leo.

14. Cé a fhéadfaidh freastal ar chruinnithe boird?

Deir alt 160 d’Acht na gCuideachta 2014 - Féadfaidh stiúrthóirí cuideachta teacht le chéile chun gnó a sheoladh, a gcruinnithe a chur ar atráth nó a rialú de réir mar is cuí leo.


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e