Iniúchadh, Iniúchadh diolúine, Iniúchaí

01. Céard is iniúchadh ann?

Is é atá in iniúcadh ná scrúdú ráitis aireadais cuideachta mar a ullmhaigh stiúrthóirí na cuideachta iad.  Déantar inúchóir cáilithe an inúchadh agus tugtar tuairisc tuairim ar cibé go bhfuil nó nach bhfuil léargas fíor agus cothrom tugtar agus in aontas lena leabhair chuntais.  Déan tagairt led’thoil ar Leabhrán Faisnéise agus Treoir Thapa an OSFC ar Iniúchóirí.

02. An bhfuil gá le cuideachtaí iniúchadh a dhéanamh?

Tá, ní mór do stiúrthóirí cuideachta iniúchadh a shocrú ar ráitis airgeadais reachtúla ach amháin sa chás go bhfuil and cuideachta i dteideal, agus roghnaíonn sé leas a bhaint as díolúine iniúchta. (Alt 333 d'Acht na gCuideachtaí 2014).

 

03. Céard is díolúine ó iniúchadh ann?

Is é atá i ndíolúine ó iniúchadh ná ceallú gá atá le cuideachtaí áirithe a ráitis airgeadais a scrúdú agus tuairisc ar ag iniúchóir reachtúil. Leagtar amach in altanna 358-364 d'Acht na gCuideachtaí 2014 na príomhchoinníollacha díolúintí iniúchta.

04. Cé is féidir leo díolúine a fháil?

Díolúine Iniúchta

Is féidir le cuideachtaí Beaga agus Cuideachtaí Micrea sonracha nach Cuideachtaí Teoranta/Neamhtheoranta nó "eintiteas neamh-incháilithe" a bheith i dteideal díolúine iniúchta a éileamh.

 Cuideachta Bheag (duine aonair) - Féadfaidh cuideachta a cháilíonn mar chuideachta bheag bunaithe ar mhéid faoi Alt 280A d'Acht na gCuideachtaí díolúine iniúchta a úsáid ar choinníoll go gcomhlíonann sé dhá cheann nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:- láimhdeachas níos lú ná €12m,  iomlán clár comhardaithe níos lú ná €6m;  meánlíon fostaithe de 50 nó níos lú.

 Cuideachta micrea - Féadfaidh cuideachta a cháilíonn mar Cuideachta Micrea bunaithe ar mhéid faoi Alt 280D d'Acht na gCuideachta díolúine iniúchta a úsáid ar choinníoll go gcomhlíonann sé dhá cheann nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:- láimhdeachas níos lú ná €700,000, iomlán clár comhardaithe níos lú ná €350,000;  meánlíon fostaithe de 10 nó níos lú.

 Ina theannta sin, ní mór don chuideachta a thuairisceán bliantúil a chomhdú in am don bhliain reatha agus an bhliain roimhe sin le Clár na gCuideachtaí.

 Tá díolúine iniúchta ar fáil freisin do ghrúpa - féach Alt 359 agus 280B d'Acht na gCuideachtaí.

 Le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh chuig láithreán gréasáin OCC: https://www.cro.ie/Tuairisce%C3%A1n-Bliant%C3%BAil/Ceanglais-na-gCuntais/D%C3%ADol%C3%BAine-%C3%B3-Ini%C3%BAchadh

05. An féidir le comhaltaí iarraidh ar iniúchadh?

Is féidir.  Is féidir le aon chomhalta nó comhaltaí de chuideachta a bhfuil nach lú ná 10% de na cearta vótála sa chuideachta acu fógra a sheirbheáil ar an gcuideachta á rá nach mian leo go leasann an cuideachta bhaint as an díolúine ó iniúchadh (Alt 334 d’Acht na gCuideachtaí).

Sa chás cuideachta faoi theorainn ráthaíochta (CTR) - is féidir le aon chomhalta den chuideachta fógra a sheirbheáil trí scríbhinn ar an gcuideachta á rá nach mian leo go leasann an cuideachta bhaint as an díolúine ó iniúchadh i mbliain arigeadais sonraithe - Alt 1218 d'Acht na gCuideachtaí.

06. Céard is iniúchóir ann?

Is é iniúchóir  (a shainítear mar iniúchóir reachtúil faoi Acht na gCuideachtaí) ná duine gairmiúil neamhspleách atá cáilithe iniúchadh a dhéanamh ar ráiteas airgeadais cuideachta.  Tá liosta de na iniúchóirí agus gnólachtaí iniúchóireachta i dteideal gníomhú mar iniúchóir cuideachta Éireannach ar fáil ar an nasc seo chun: an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (OCC) (Béarla amháin).

07. Conas a ceaptar iniúchóirí?

De ghnáth is iad stiúrthóirí cuideachta nua a ceapann an chéad iniúchóir agus ina dhiaidh sin ceapfaidh nó athcheapadh na comhaltaí an t-iniúchóir ag gach CGB (Alt 382 d’Acht na gCuideachtaí).

Rialuithe Cúirte

Theme picker

Airí

Foilseacháin Nua: Treoir Do Cuideachtai Aonbhaill
Chuir rphoist chuig info@odce.ie chun cóip a fháil
Tabhairt cuairt ar na CFManna sula ndéanann tú teagmháil leis an oifig
Covid-19 agus CGBanna.

Ceard atá Nua

FÓGRAÍ COVID-19
Sonraí teagmhála sealadacha
Saincheisteanna - Dócmhainneacht
Saincheisteanna - Cosaint Sonraí

Ráiteas - feidhmíocht ár bhfeidhmeanna (Béarla amháin)
Leasuithe sealadacha ar Acht na gCuideachtaí 2014
(síneadh go 31 Nollaig 2021)

Nuacht is Déanaí

Tuarascáil Bhliantúil na OFSC do 2021 le fáil anois

Deiseanna gairme leis an Údarás Forfheidhmithe Corparáideach

Bunú an UFC