Stiúrthóireacht Cuideachta

01. Céard is stiúrthóir cuideachta ann?

Is é atá i stiúrthóir cuideachta ná duine arna cheapadh go cuí ag comhaltaí na cuideachta chun an cuideachta a bhainistiú ar a son.

Féach ar Leabhar Eolais agus Treoir Tapa  an OSFC ar Stiúrthóirí  le do thoil.

02. An gcaithfidh cuideachtaí a stiúrthóirí a cheapadh?

Caithfidh, de réir an dlí caithfidh gach cuideachta stiúrthóirí a cheapeadh (Alt 128 Acht na gCuideachtaí).  Ní mór do Cuideachta Príobháideacha Teoranta (TEO) stiúrthóir amháin ar a laghad a cheapadh.  Ní mór do cuideachta de chineáil eile beirt stiúrthóirí dá laghad a cheapadh.  Tá an fhreagracht ar na baill agus/nó scairshealbhóirí na cuideachta stiúrthóirí a cheapadh.

Tá sé d'oibleagáid cuideachta fógra a thabhairt don OCC maidir le haon athrú i measc stiúrthóirí ar an bhfoirn fhorordaithe laistigh de 14 lá (Alt 149(8) Acht na gCuideachtaí).

03. Conas a ceaptar stiúrthóirí cuideachta?

Is iad na chéad stiúrthóirí cuideachta ná na daoine a thug a dtoiliú a bheith ina stiúrthóirí agus atá liostaithe sna doiciméid chorpraithe a comhdaíodh san Oifig um Chlárú Cuideachtaí (OCC).  Ghlacadh ceapacháin agus éirí as oifig ina dhiaidh sin sa mhéid is mó gcuideachtaí ag Cruinniú Ginearálta Bliantúil (CGB) i gcás ina toghann na comhaltaí na stiúrthóirí.  Má éiríonn as oifig nó fágann stiúrthóir i rith na bliana, féadfaidh an bord stiúrthóirí chomhthoghadh duine chun an folúntas a líonadh go dtí an chéad CGB eile nuair a bheidh an duine a cheapfar incháilithe do atoghadh.

Is é Bunreacht (Airteagail Chomhlachais) an cuideachta féin de ghnáth in atá leagtha amach na rialacha maidir le ceapacháin agus éirí as oifig stiúrthóirí agus an t-íosmhéid agus líon uasta na stiúrthóirí a cheadaítear.

04. An féidir stiúrthóir a bhaint as oifig?

Is féidir - de gnáth.  Is féidir le baill an chuideachta stiúrthóir cuideachta a bhaint as oifig le gnáthrún.  Tá fógra leabhraithe de 28 lá ag teastáil agus tá an stiúrthóir i dteideal bheith éisteachta leis ar an rún ag an gcruinniú.  Áfach, ní féidir stiúrthóir i seilbh oifige ar feadh a saoil mar atá leagtha amach i bunreacht na cuideachta a chur as oifig ach amháin má cloífear leis an nós imeachta ceart chun an bhunreacht a athrú.  Ba chóir comhairle dlí neamhspleách a lorg maidir le saincheisteanna tromchúiseach agus conspóideacha.

05. An bhfuil teorainn ar líon na stiúrthóireachtaí ar féidir le duine a shealbhú?

Tá.  Ní cheadaítear duine a bheith ina stiúrthóir nó cúlstiúrthóir de chuid níos mó ná 25 cuideachtaí ag aon am amháin.  Áfach tá roinnt eisceachtaí don riail seo, mar shampla láimhseáiltear grúpaí de chuideachtaí mar chuideachta amháin agus is eisiata iad cuideachtaí a bhfuil nasc fíor agus leanúnach le gníomhaíocht eacnamaíoch sa Stát.

06. An éilítear gach stiúrthóir cuideachta Éireannach cónaí a bheith acu sa Stát?

Ní éilítear.  Ceanglaítear Acht na gCuideachtaí gur chóir go mbeadh stiúrthóir cuideachta amháin cónaitheach sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) (Stáit an AE móide an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua).  Mura bhfuil aon stiúrthóir ina gcónaí sa LEE, ní mór don chuideachta banna a shealbhú ar an luach €25,000.  Más féidir le cuideachtaí a chruthú go bhfuil áit bhuan ghnó sa Stát acu is féidir leo an oibleagáid seo a sheachaint freisin.  Tá sonraí maidir leis na heisceachtaí seo le fail ar suíomh idirlíne an OCC.

07. An féidir stiúrthóir a shrianadh?

Is féidir.  Baineann srian le cuideachtaí dócmhainneacha, sin é, cuideachta nach féidir leo a gcuid fiacha a íoc nuair a bheidh siad dlite.  Sa chás ina dtéann cuideachta dócmhainneach faoi leachtú nó faoi ghlacadóireacht, is féidir go srianfar stiúrthóir a theipeann air/uirthi Oifig an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú a shásamh go ghníomh sé/sí go macánta agus go freagrach (sliocht as Béarla amháin).  Is é atá i ngealltanas srianta ná nós imeachta riaracháin nua a sholáthraíonn rogha géilleadh do shrian gan an gá le héisteacht Cúirte.

Maireann srian ar feadh tréimhse cúig bliana agus teorannaíonn sé duine chun bheith ina stiúrthóir ar chuideachtaí atá caipitlithe go leordhóthanach leis a gcomhaltaí nó scairshealbhóirí.

08. An féidr duine a dhícháiliú ó ghníomh mar stiúrthóir?

Is féidir.  Is fédir duine a dhícháiliú trí: (a) Ordú dícháiliú ag an gcúirt; nó (b) Gealltanas dícháilithe a thairiscint Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach a ghlacadh agus a shíniú.

Dícháiliú uathoibríoch - tá duine dícháilithe go huathoibríoch ag an gcúirt, má tá an duine chiontaithe ar díotáil in: (1) aon chion faoi Acht na gCuideachtaí nó faoi aon achtachán eile i ndáil le cuideachta mar atá leagtha síos; nó (2) aon chion lenar bhain calaois nó mímhacántacht.

Is a feadh tréimhse 5 bhliain é dícháiliú agus ciallaíonn sé go bhfuil cos car an duine bheith ceapadh nó gníomh mar;- stiúrthóir nó oifigeach eile, iniúchóir reachtúil, leachtaitheoir / glacadóir / scrúdaitheoir, nó bheith bainteach ar bhealach ar bith, cibé acu go díreach nó go hindíreach, lena mbaineann nó ag glacadh páirte i gcur chun cinn, i bhfoirmiú nó i mbainistíocht aon chuideachta.

Coinníonn an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (OCC) clár poiblí de dhaoine dícháilithe.

09. An féidir le duine bheith dícháilithe ó bheith ina stiúrthóir go huathoibríoch?

Is féidir.  Beidh daoine atá ciontaithe sa Chúirt Chuarda nó Cúirt níos airde i gcion indíotáilte a bhaineann le cuideachta nó a bhaineann le calaois nó mímhacántacht dícháilithe go huathoibríoch ar feadh cúig bliana ó fheidhmiú mar oifigigh chuideachta (stiúrthóirí, rúnaí, iniúchóir, leachtaitheoir, etc.)

Meastar gur "athrú i measc stiúrthóirí" é stiúrthóir ata dícháilithe faoi dhlí stáit eile agus ní mór dó fógra a thabhairt do Chláraitheoir na gCuideachtaí

Sa chás go ghníomhaíonn duine srianta ach amháin sna himthosca ceadaithe (cuideacht caipitilithe go leordhóthanach) tá an duine ciontach i gcion agus ios féidir a dhícháiliú mas rud é go chiontaítear é.  Is fédir stiúrthóir a dhícháiliú freisin má a cheadaíonn sé/sí cuideachta a bhaint den chlár na gcuideachtaí toisc gur theip tuairisceáin bhliantúla a chomhdú agus tá fiacha ar an cuideachta.

10. Cén áit is féidir liom cuardach ar stiúrthóra dícháilithe/srianta?

Coinníonn an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (OCC) clár de na stiúrthóirí dícháilithe/srianta.  Is féidir leat cuardach a dhéanamh ar líne chun fáil amach an bhfuil duine srianta/dícháilithe ar an gclár san OCC.

11. An bhfuil cosc ar iasachtaí ó chuideachtaí do stiúrthóirí agus daoine bainteach?

Tá toirmeasc ginearálta ar chuideachtaí iasachtaí nó gar-iasachtaí a thabhairt do stiúrthóir nó dul i mbun idirbheart creidmheasa nó ráthaíocht a sholáthraíonn urrús.

Tá an an riail ghinearálta seo faoi réir roinnt eisceachtaí -

1.       Níl luach an tsocraithe níos mó ná 10% de shócmhainní ábhartha na cuideachta,

2.    rinne an chuideachta an socrú i gcomhréir leis an "Nós Imeachta Faofa Achomair" (Alt 202 d’Acht na gCuideachta),
3.    is idirbheart idir-ghrúpa é an socrú, sin é idirbheart le cuideachta shealbhaíochta, fochuideachta, nó fochuideacht dá cuideachta shealbhaíochta (Alt 243), 
4.    caiteachas stiúrthóirí dheimhnithe arna dtabhú go cuí.

12. An féidir le stiúrthóir fógra a thabhairt don OCC faoina éirí as oifig ar mhainneachtain an gcuideachta é a dhéanamh?

Sa chás go teipeann ar chuideachta fógra a thabhairt don OCC gur éirigh as oifig stiúrthóir nó rúnaí, féadfaidh an duine sin fógra a sheirbheáil ar an gcuideachta ag iarraidh go dtabharfadh an cuideachta fógra don OCC ar a n-éirí as oifig laistigh de 21 lá.  Má theipeann ar an chuideachta a iarratas a comhlíonadh,  is féidir leis an duine cóip dá éirí as mar aon le fógra cruthúnas iarratas don chuideachta ar an foirm forordaithe (tagraíonn Alt 153 d’Acht na gCuideachtaí).

Rialuithe Cúirte

Theme picker

Airí

Foilseacháin Nua: Treoir Do Cuideachtai Aonbhaill
Chuir rphoist chuig info@odce.ie chun cóip a fháil
Tabhairt cuairt ar na CFManna sula ndéanann tú teagmháil leis an oifig
Covid-19 agus CGBanna.

Ceard atá Nua

FÓGRAÍ COVID-19
Sonraí teagmhála sealadacha
Saincheisteanna - Dócmhainneacht
Saincheisteanna - Cosaint Sonraí

Ráiteas - feidhmíocht ár bhfeidhmeanna (Béarla amháin)
Leasuithe sealadacha ar Acht na gCuideachtaí 2014
(síneadh go 31 Nollaig 2021)

Nuacht is Déanaí

Tuarascáil Bhliantúil na OFSC do 2021 le fáil anois

Deiseanna gairme leis an Údarás Forfheidhmithe Corparáideach

Bunú an UFC