Freagrachtaí

Tugann an rannóg a leanas forléargas ar fhreagrachtaí agus ar dhualgais phríomha iniúchóirí agus/nó cuntasóirí faoi Achtanna na gCuideachtaí faoi reachtaíocht thánaisteach agus faoi chásdlí gaolmhar. Le haghaidh sonraí breise, breathnaigh le do thoil ar Fhógraí Cinnidh an OSFC thíos.

Dualgas Tuarascáil Iniúchta a chur ar fáil
Is é an príomhdhualgas i leith cuideachta atá ar iniúchóirí tuarascáil a chur chuig chomhaltaí na cuideachta maidir le ráitis airgeadais a ndearna siad iniúchadh orthu. Caithfear tuarascáil na n-iniúchóirí a léamh ag an gCruinniú Ginearálta Bliantúil (CGB) agus ba chóir í a chur ar fáil do gach comhalta den chuideachta. Alt 160 d’Acht na gCuideachtaí, 1963 arna leasú ag alt 183 d’Acht na gCuideachtaí, 1990.

An Dualgas Loiceadh maidir le Leabhair Chuí Chuntas a Choinneáil a Thuairisciú
Sa chás gurb é tuairim na n-iniúchóirí go bhfuil oibleagáidí maidir le leabhair chuí chuntas a choinneáil á shárú ag an gcuideachta a bhfuil iniúchadh á dhéanamh uirthi nó go bhfuil siad sáraithe aici, beidh sé d'oibleagáid orthu fógra a sheirbheáil ar an gcuideachta ag cur na tuairime sin in iúl di. Ina dhiaidh sin féadfaidh go mbeidh ceangal ar na hiniúchóirí é sin a fhógairt do Chláraitheoir na gCuideachtaí a fhógróidh ar a sheal don Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach é.

Alt 194 d’Acht na gCuideachtaí, 1990 arna leasú ag alt 74 den Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí, 2001.

An Dualgas Cionta Indíotáilte a Thuairisciú
Mar thoradh ar an Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí, 2001, tá sé de dhualgas anois ar iniúchóirí, sa chás go dtagann siad i seilbh eolais i gcúrsa agus de bhíthin iniúchta atá á dhéanamh acu a fhágann den tuairim iad go bhfuil cion indíotáilte déanta ag an gcuideachta nó ag oifigeach nó ag gníomhaire dá cuid faoi Achtanna na gCuideachtaí, tuairisc a chur chuig an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach. Alt 194(5) d’Acht na gCuideachtaí, 1990 arna chur isteach ag alt 74 den Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí, 2001.

An Dualgas Macántacht Ghairmiúil a Chleachtadh
Tá sé de dhualgas ar iniúchóirí iniúchadh a dhéanamh go macánta gairmiúil. Agus tuarascáil á ullmhú acu ní mór d'iniúchóirí dul i mbun oibre leis an scil, an cúram agus an aireachas céanna agus a bheadh ag iniúchóir réasúnta ábalta, cúramach agus aireach.
Alt 193 (6) Acht na gCuideachtaí, 1990

Naisc Ghaolmhara:

       
  • Iniúchóirí - Treoir Thapa
  • Iniúchóirí - Leabhrán Eolais
  • I/2009/04 - Tuairisciú Cionta Dlí Cuideachtaí
  • OSFC - déileáil le tuariscí ó iniúchóirí
  • Fógra Cinnidh D/2006/2 - Treoir Athbhreithnithe faoi Dhualgas Iniúchóirí Tuairiscí a chur chuig an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach faoi Chásanna Amhrais i leith Cion Indíotáilte


Rialuithe Cúirte

Theme picker

Airí

Foilseacháin Nua: Treoir Do Cuideachtai Aonbhaill
Chuir rphoist chuig info@odce.ie chun cóip a fháil
Tabhairt cuairt ar na CFManna sula ndéanann tú teagmháil leis an oifig
Covid-19 agus CGBanna.

Ceard atá Nua

FÓGRAÍ COVID-19
Sonraí teagmhála sealadacha
Saincheisteanna - Dócmhainneacht
Saincheisteanna - Cosaint Sonraí

Ráiteas - feidhmíocht ár bhfeidhmeanna (Béarla amháin)
Leasuithe sealadacha ar Acht na gCuideachtaí 2014
(síneadh go 31 Nollaig 2021)

Nuacht is Déanaí

Tuarascáil Bhliantúil na OFSC do 2021 le fáil anois

Deiseanna gairme leis an Údarás Forfheidhmithe Corparáideach

Bunú an UFC