Liosta Cumhachta

Sna rannóga a leanas leagtar amach príomhfhreagrachtaí cuideachtaí, stiúrthóirí cuideachta agus/nó rúnaithe faoi Achtanna na gCuideachtaí, faoi reachtaíocht thánaisteach agus faoi chásdlí gaolmhar. Tá breis eolais faoi rólanna cuideachtaí, stiúrthóirí cuideachta agus/nó rúnaithe le fáil sna Leabhair Eolais is féidir a íoschóipeáil ag bun an leathanaigh seo.

Cumhachtaí Cuideachtaí

Leagtar amach i gclasáil na gcuspóirí i meabhrán comhlachais na cuideachta na cuspóirí agus na cumhachtaí sainráite atá aici. Ina theannta siúd tá cumhachtaí intuigthe ag an gcuideachta rudaí a dhéanamh coimhdeach lena cuspóirí. Nuair a dhéanann cuideachta beart nach ar mhaithe lena cuspóirí a chur chun cinn, deirtear go bhfuil beart dá leithéid ‘‘ultra vires’’.i. thar inniúlacht na cuideachta.

Go ginearálta bíonn beart ultra vires neamhnaithe agus ní féidir é a chur i bhfeidhm. Nuair a dhéileálann páirtí le cuideachta áfach agus gan é bheith feasach faoi nach raibh gníomh na cuideachta laistigh dá cumhachtaí, tá éifeacht leis an ngníomh i bhfábhar an té atá ag brath air. Beidh stiúrthóir nó oifigeach na cuideachta atá freagracht as an ngníomh ultra vires faoi dhliteanas ag an gcuideachta maidir le haon chaillteanas nó damáiste a bhaineann don chuideachta dá bharr. Chomh maith leis sin nuair a dhéileálann duine de mheon macánta le cuideachta faoi dhliteanas teoranta meastar aon bheart a dhéantar bheith laistigh d'inniúlacht na cuideachta.

Cumhachtaí Stiúrthóirí Cuideachta

Gníomhaíonn stiúrthóirí cuideachta ar son na cuideachta. Níl sé de chumhacht acu a dhéanamh ach a bhfuil an chuideachta i dteideal a dhéanamh de réir an dlí. Na cumhachtaí atá ag stiúrthóirí is iad na cumhachtaí a thug an chuideachta dóibh, de ghnáth trí airteagail chomhlachais na cuideachta.

De ghnáth is i dteannta a chéile a thugtar cumhachtaí do stiúrthóirí. Is trí rún ag cruinniú boird a fheidhmítear na cumhachtaí sin go foirmeálta, rún a chinntear de ghnáth trí mhóramh vótaí. Tá sé d'oibleagáid ar chuideachta miontuairiscí faoi chruinnithe dá leithéid a choinneáil. Nuair a dhéantar cinnidh go neamhfhoirmeálta, glacann de ghnáth airteagail chomhlachais chuideachta lena mbailíocht, fad is a shíníonn na stiúrthóirí uile an rún.

De ghnáth foráiltear in airteagail chuideachta go bhféadfaidh na stiúrthóirí cumhachtaí uile na cuideachta, nach bhfuil sé de cheangal faoi Achtanna na gCuideachtaí nó faoi airteagail an Chomhlachais go bhfeidhmeodh an chuideachta iad i gcruinniú ginearálta (.i. i gcruinniú na gcomhaltaí), a fheidhmiú. Bíodh na himthosca amhlaidh, níl srian leis an tarmligean chuig stiúrthóirí agus beidh siad i dteideal a dhéanamh cibé rud a bhfuil sé de chumhacht ag an gcuideachta a dhéanamh.

Amhail is cás le cuideachta bíonn an stiúrthóir faoi thoirmeasc aon rud a dhéanamh in aghaidh an dlí nó ultra vires (.i. lasmuigh de chumhachtaí na cuideachta). Gníomh a rinne na stiúrthóirí is atá laistigh de na cumhachtaí atá tugtha dóibh ag na hairteagail, ní féidir le cuideachta i gcruinniú bliantúil é a chur ar leataobh go bailí. Ar an dóigh chéanna ní féidir le cuideachta i gcruinniú bliantúil aon bheart a dhéanamh atá tarmligthe chuig stiúrthóirí de bhua airteagail chomhlachais dá cuid.

De bhreis ar na cumhachtaí iarbhír atá tarmligthe chuig stiúrthóir ag an mbord, féadfaidh "údarás súl" a bheith ag stiúrthóir freisin. Is é sin le rá nuair a ligeann cuideachta an scéal amach ar stiúrthóir go bhfuil údarás aige/aici rud éigin a dhéanamh nó nuair a thugtar ar pháirtí eile a chreidiúint go bhfuil údarás ag stiúrthóir an chuideachta a chur faoi ghealltanas ar bhealach áirithe agus nuair nach ndéantar aon iarracht an t-impreisean atá tugtha a cheartú féadfar thoirmeasc a chur ar an gcuideachta an t-údarás sin a dhiúltú ina dhiaidh sin.

Cumhachtaí Rúnaithe Cuideachta

Tá sé d'údarás ag rúnaí cuideachta conartha a dhéanamh laistigh dá raon inniúlachta féin .i. riarachán na cuideachta ó lá go lá. De bhreis air sin féadfaidh rúnaí cuideachta faoi fhoirceadal "údarás súl" cuideachta a chur faoi cheangal, nuair is gníomh é atá laistigh de ghnáthúdarás an rúnaí fiú mura bhfuil d'údarás ag an rúnaí gníomhú i ndáiríre. Lasmuigh de na gnáthréimsí údaráis atá ag rúnaí cuideachta, níl aon údarás ag rúnaí cuideachta conartha a dhéanamh mura bhfuil údarás tugtha go sainiúl dó/di ag na stiúrthóirí.

Naisc ghaolmhara



Rialuithe Cúirte

Theme picker

Airí

Foilseacháin Nua: Treoir Do Cuideachtai Aonbhaill
Chuir rphoist chuig info@odce.ie chun cóip a fháil
Tabhairt cuairt ar na CFManna sula ndéanann tú teagmháil leis an oifig
Covid-19 agus CGBanna.

Ceard atá Nua

FÓGRAÍ COVID-19
Sonraí teagmhála sealadacha
Saincheisteanna - Dócmhainneacht
Saincheisteanna - Cosaint Sonraí

Ráiteas - feidhmíocht ár bhfeidhmeanna (Béarla amháin)
Leasuithe sealadacha ar Acht na gCuideachtaí 2014
(síneadh go 31 Nollaig 2021)

Nuacht is Déanaí

Tuarascáil Bhliantúil na OFSC do 2021 le fáil anois

Deiseanna gairme leis an Údarás Forfheidhmithe Corparáideach

Bunú an UFC