Liosta Cumhachta

Sna rannóga a leanas leagtar amach príomhchumhachtaí na scairshealbhóirí faoi Achtanna na gCuideachtaí, faoi reachtaíocht thánaisteach agus faoi chásdlí gaolmhar. Tá breis eolais faoi rólanna comhaltaí agus scairshealbhóirí le fáil i Leabhar Eolais an OSFC dár theideal "The Principal Duties and Powers of Members and Shareholders" is féidir a íoschóipeáil ag bun an leathanaigh seo.

Scarshealbhóir
Is é is scairshealbhóir ann duine a bhfuil scair nó scaireanna aige/aici i gcuideachta. Comhalta cuideachta faoi theorainn scaireanna ní foláir dó/di bheith ina scairshealbhóir sa chuideachta. I dtéarmaí praiticiúla is i gcónaí a bheidh scairshealbhóir ina c(h)omhalta i gcuideachta.

Airteagail Chomhlachais
Leagtar amach in airteagail chomhlachais chuideachta cumhachtaí na gcomhaltaí agus na cumhachtaí sin a thiomnaíonn na comhaltaí do stiúrthóirí na cuideachta.

Go ginearálta foráiltear sna hairteagail gurb iad na stiúrthóirí faoi réir fhorálacha na n-airteagal comhlachais agus cibé treoracha a thugann na comhaltaí i gcruinniú bliantúil a bhainistíonn gnó na cuideachta.

Tá roinnt ceisteanna bunúsacha nach mór do na comhaltaí a dhaingniú, a leithéid athrú ar airteagail chomhlachais na cuideachta. Trí leasú a dhéanamh ar na hairteagail comhlachais is féidir le comhaltaí an gaol atá idir iad agus na stiúrthóirí a athrú.

Aistriú Scaireanna
Is maoin phearsanta inaistrithe iad scaireanna comhalta i gcuideachta. I gcuideachta phríobháideach áfach caithfear srianta a chur ar aistriú scaireanna.

Ceart chun Díbhinne
Is éard is díbhinn ann roinnt a dhéantar de shócmhainní áirithe na cuideachta ar na scairshealbhóirí. Na stiúrthóirí amháin is ea is féidir díbhinní a bheartú. Tar éis do na stiúrthóirí díbhinn a bheartú ní mór di bheith ceadaithe ag na comhaltaí.

Cearta Reachtúla Réamhcheannaigh Scairshealbhóirí (Cuideachtaí Príobháideacha Amháin)
Tugann alt 23 de d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 ceart reachtúil 'réamhcheannaigh' do chomhaltaí láithreacha na cuideachta príobháidí. Ciallaíonn sin nuair a eisítear scaireanna nua sa chuideachta gur ag na scairshealbhóirí atá ann, i gcomhréir le méid na scaireanna a bhíonn acu, a bheidh an ceart uathoibríoch diúltú den chéad uair do cheannach na scaireanna sin.

Ceart bheith Rannpháirteach i bhFoirceannadh
Tá ceart ag scairshealbhóir bheith rannpháirteach i bhfoirceannadh cuideachta. Nuair a bheidh na creidiúnaithe agus caiteachas an leachtaitheora íoctha, tugtar aon airgeadú a bheidh fágtha ar ais do na scairshealbhóirí i gcomhréir le méid na scaireanna atá acu, mura bhforáiltear a mhalairt sna hairteagail chomhlachais.

Cearta maidir le Cruinnithe Comhaltaí
Déanann comhaltaí na cuideachta rialú ar an gcuideachta ag a cuid cruinnithe. Tá na príomhfhorálacha reachtúla a bhaineann le cruinnithe comhlachta leagtha amach in ailt 131 go 146 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 (arna leasú).

Ceart chun Fógraí faoi Chruinnithe
Caithfear scéala maidir le CGB a chur amach i scríbhinn 21 lá roimh ré. Nuair is Cruinniú Ginearálta Neamhghnách (CGN) atá i gceist is gá scéala a chur amach 7 lá roimh ré i gcás cuideachtaí príobháideacha agus 14 lá roimh ré i gcás cuideachtaí poiblí.

Cumhachtaí Comhaltaí nuair a Dhéanann an Chuideachta Mainneachtain
Má mhainníonn cuideachta nó aon oifigeach de chuideachta aon cheann d'fhorálacha Achtanna na gCuideachtaí a chomhlíonadh is féidir le comhalta fógra a sheirbheáil ar an gcuideachta ag iarraidh go slánófaí an mhainneachtain laistigh de 14 lá.

Ceart Comhaltaí iarratas a dhéanamh go gCuirfí Cuideachta atá Bainte de Chlár na gCuideachtaí a chur ar ais ar an gClár
Má baineadh cuideachta den Chlár siocair mainneachtain a dhéanamh maidir le tuairisceán bliantúil a chlárú mairfidh dliteanas, más ann, gach stiúrthóra, oifigigh agus comhalta de chuid na cuideachta, agus féadfar é a chur i bhfeidhm ionann is dá mbeadh an chuideachta gan bheith díscaoilte.

Comhalta den chuideachta arb éagóir leis an chuideachta a bheith bainte den Chlár is féidir leis/léi a iarraidh ar Chláraitheoir na gCuideachtaí í a chur ar ais laistigh de 12 mhí ón uair ar baineadh den Chlár í.

Ceart Comhalta a Iarraidh go nDéanfaí Imscrúdú ar an gCuideachta
Is féidir le comhaltaí cáilithe áirithe iarratas a chur chuig an Ard-Chúirt go gceapfaí Cigire nó dhó chun cúrsaí cuideachta a imscrúdú agus a thuairisciú.

An Ceart Achainí ar fhoirceannadh Cuideachta a iarraidh
Tá an ceart ag comhalta achainí ar fhoirceannadh cuideachta a iarraidh ar an Ard-Chúirt ar roinnt foras (faoi réir eisceachtaí áirithe).

An Ceart Achainí ar Fhaoisimh a iarraidh i gCásanna Leatroma
Ní féidir le comhalta imeachtaí a thionscain chun cinneadh de chuid na cuideachta a chur ar cheal nuair a d'fhéadfadh móramh na scairshealbhóirí an cinneadh sin a dhaingniú. Is féidir le comhalta cuideachta áfach achainí ar fhaoisimh a iarraidh ar an Ard-Chúirt nuair a mheastar go bhfuil cúrsaí na cuideachta á stiúradh, nó cumhachtaí na stiúrthóirí á bhfeidhmiú, ar dhóigh atá leatromach ar an gcomhalta sin nó ar aon chomhalta nó atá ag déanamh neamhairde ar a leasanna mar chomhaltaí.

Naisc ghaolmhara:



Rialuithe Cúirte

Theme picker

Airí

Foilseacháin Nua: Treoir Do Cuideachtai Aonbhaill
Chuir rphoist chuig info@odce.ie chun cóip a fháil
Tabhairt cuairt ar na CFManna sula ndéanann tú teagmháil leis an oifig
Covid-19 agus CGBanna.

Ceard atá Nua

FÓGRAÍ COVID-19
Sonraí teagmhála sealadacha
Saincheisteanna - Dócmhainneacht
Saincheisteanna - Cosaint Sonraí

Ráiteas - feidhmíocht ár bhfeidhmeanna (Béarla amháin)
Leasuithe sealadacha ar Acht na gCuideachtaí 2014
(síneadh go 31 Nollaig 2021)

Nuacht is Déanaí

Tuarascáil Bhliantúil na OFSC do 2021 le fáil anois

Deiseanna gairme leis an Údarás Forfheidhmithe Corparáideach

Bunú an UFC