« back 2015 - 2016
 

2016

Tuarascálacaha a fuarthas le linn 2016
Le linn na bliana dar deireadh an 31 Nollaig 2016, fuair an OSFC 4 nochtadh cosanta.

An gníomh (más ann dó) a rinneadh mar fhreagairt ar na nochtuithe cosanta sin
Tar éis scrúdú a dhéanamh orthu, cinneadh nár tháinig dhá cheann díobh faoi chuimisiú shainchúram na hOifige. Thángthas ar réiteach sásúil don tríú ceann tar éis don Oifig seo idirghabháil a dhéanamh. Rinneadh scrúdú ar an méid a bhí sa cheathrú nochtadh cosanta a fuarthas, d'fhonn a chinneadh ar tháinig siad faoi chuimsiú shainchúram reachtúil na hOifige. Cinneadh gur tháinig agus ag deireadh na bliana, bhí an scrúdú fós ar siúl ag an Oifig.

Aon fhaisnéis eile a bhaineann leis na nochtuithe cosanta sin agus an gníomh a rinneadh de réir mar a bhféadfadh an tAire Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe a iarraidh ó am go ham.
Níl sé infheidhme.

2015

Tuarascálacaha a fuarthas le linn 2015
Le linn 2015, rinneadh trí nochtadh dá leithéid leis an Oifig mar dhuine forordaithe faoi alt 7 den Acht. Ní bhfuair an Oifig tuarascálacha ar bith mar fhostóir faoi alt 6 den Acht, nó i gcás ar bith faoi alt 10.

An gníomh (más ann dó) a rinneadh mar fhreagairt ar na nochtuithe cosanta sin
Déileáladh leis na cásanna sin ar fad ar mhodh a bhí comhsheasmhach le cur chuige na hOifige maidir le déileáil le líomhaintí éagóra, lena n-áirítear trí thagairt d’oibleagáidí na hOifige i ndáil le rúndacht.

Aon fhaisnéis eile a bhaineann leis na nochtuithe cosanta sin agus an gníomh a rinneadh de réir mar a bhféadfadh an tAire Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe a iarraidh ó am go ham.
 Níl sé infheidhme.


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e