Is féidir leat i gcúinsí teoranta. Níl feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise ach amháin nuair a bhaineann na taifid le bainistíocht ghinearálta na hOifige. Tá na taifid, mar shampla, a bhaineann leis an obair a dhéanann an OSFC maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú leanúnach forálacha an Achta lasmuigh de théarmaí an Achta agus cuirfidh aon nochtadh roimh am isteach ar chumas an Stiúrthóra iniúchadh a dhéanamh agus daoine a bhfuil amhras fúthu gur sáraíodh dlí cuideachta iad a thabhairt chun cúitimh. Ba chóir duit a fháil amach roimh ré sula n-iarrann tú ar fhaisnéis an dtagann an fhaisnéis sin faoi réim an Achta um Shaoráil Faisnéise. Is féidir Foirm Iarrtha Faisnéise a fháil ar an suíomh ghréasáin seo. Tabhair Faoi Deara le do Thoil: Má tá gá le hacmhainní suntasacha a chur ar fáil, cibé foireann oibre nó acmhainní eile, chun an t-iarratas a chomhlíonadh gearrfar táille bhreise chun na costais riaracháin a bhaineann leis a chumhdach. (€15 a ioc leis an Oifig chun é a fháil)