Seirbhís den Scoth don Chustaiméir
Is cuid shubstaintiúil d’obair OSFC gníomhaíocht ghéilliúntais agus forfheidhmithe, agus tabharfaidh sin taca do leas ginearálta an phobail i ndáil le caighdeán maith dlí i leith cleachtais chorparáideacha a fhorbairt agus a choinneáil. I gcomhréir leis an sainchúram ginearálta sin tá an Oifig ag tairgeadh roinnt seirbhísí discréideacha don phobal i gcoitinne mar atá:
- Eolas maidir le Géilliúntas
- Eolas Ginearálta
- Gearáin maidir le Dlí Cuideachta
- Comhairliúchán
Chomh maith leis sin tugaimid an deis don chustaiméir teagmháil a dhéanamh leis an Oifig i dtaobh ceisteanna seirbhís chustaiméara, eolas faoin gcaoi a bhfeidhmíonn an tAcht um Shaoráil Faisnéise san Oifig agus an deis a shuim a chlárú más mian leis teachtaireacht a fháil nuair a chuirtear eolas nua ar an suíomh idirlín.
Gearáin faoi Seirbhís Custaiméara
Is é an tUasal Kevin Prendergast a cheap an Oifig mar Oifigeach do Ghearáin ó Chustaiméirí.
Sa chás nach bhfuil tú sásta le láimhseáil do ghearán, is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár Oifigeach Achomhairc do Ghearáin ó Chustaiméirí, an tUasal Sean Ward.
Is féidr teagmháil a dhéanamh lena hOifigigh seo trí phoist ag OSFC, 16 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath 1.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Seirbhís Custaiméara, féach led’ thoil ar ár nDoiciméidí Seirbhísí Chustaiméirí.