Forfheidhmiú

Is í príomhfheidhm an Aonaid fianaise a bhailiú a thabharfadh tacaíocht do thionscnamh imeachtaí coiriúla dá mb’fhéidir i gcásanna ina bhfuil amhras faoi go bhfuil Dlí Cuideachta shárú. Folaíonn an obair seo:

  • cinneadh a dhéanamh faoi cé acu cásanna ba chóir a thionscnamh;
  • na himeachtaí is fóirsteanaí a mhíniú;
  • abhcóide a theagasc;
  • forghníomhú cáis a bhainistiú agus breathnú i ndiaidh achomharc.

Is é atá i gceist go príomha tionscnamh ionchúisimh achomair ar leibhéal na Cúirte Cuardach ach féadfaidh cúnamh don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (SIP) bheith i gceist freisin más rud é ago bhfuil cásanna curtha faoina bhráid le haghaidh cinnidh faoinar chóir imeachtaí i leith díotála a thionscnamh.

Na Foirne Forfheidhmithe atá ceangailte leis an Aonad - a bhfuil sé de jab acu scrúdú a dhéanamh ar gach cás a chuirtear faoi bhráid an Aonaid le haghaidh ionchúisimh más féidir sin - is cumasc iad d’fhoireann riaracháin, lucht gairmiúil dlí agus cuntasaíochta ag obair in éindí le baill den Gharda Síochána atá aistrithe go dtí an OSFC.

Ceangal Gaolmhara: