- 01. Conas is féidír le duine teacht chun bheith ina bhall de chuideachta?
De ghnáth leagtar síos na rialacha maidir le ballraíocht an chuideachta sna hAirteagail Chomhlachais. De ghnáth is ball é, ach ní i gcónaí, duine d’úinéirí na cuideachta a bhfuil a ainm scríofa ar chlár na mball. Meastar go bhfuil na sínitheoirí tosaigh Meabhráin Chomhlachas na cuideachta aontaithe teacht chun bheith ina mball den chuideachta.
Tá tuilleadh eolais le feicéal inár Eolais Leabhrán (Béarla amháin) agus Treoir Thapa
- 02. An bhfuil teorainn ar líon na mball?
Tá. Tá íosmhéid de bhall amháin agus uasmhéid de 99 mball ag cuideachta phríobháideach agus tá íosmhéid de 7 mball ag cuideachta teoranta poiblí agus ní leagann síos Achtanna na gCuideachtaí aon uasmhéid i leith cuideachta teoranta poiblí.
- 03. Cad is scairshealbhóir ann?
Is é is scairshealbhóir ann ná duine atá scair nó scaireanna aige i gcuideachta. Téann an scairshealbhóir chun bheith ina bhall nuair a chuirtear a ainm ar chlár na mball.
- 04. Conas is féidir le duine scor de bheith ina bhall.
I gcuideachta faoi theorainn ráthaíochta is é an próiseas ná an scair a aistriú - Ní mór do na hAirteagail Chomhlachais a leagan síos an próiseas inar féidir le ball scaradh lena bhallraíocht.
- 05. An bhfuil gá le clár na mball a choimeád?
Tá. Ceanglaíonn Achtanna na gCuideachtaí ar gach cuideachta clár a mball a choinneáil ag oifig chláraithe na cuideachta. Ní mór don chlár ainm agus seoladh gach baill, an dáta ar cláraíodh an ball sa chlár agus an dáta ar scoir an duine de bheith ina bhall den chuideachta. Má tá scairchaipiteal ag an gcuideachta ní mór líon na scaireanna atá ag gach ball a bheith ar an gclár freisin.
- 06. Cé hiad na daoine a cheadaítear an clár a iniúchadh?
Féadfaidh aon bhall den chuideachta an clár a iniúchadh gan táille a íoc agus is féidir le haon duine eile an clár a iniúchadh ach íocaíocht ainmniúil a dhéanamh. Féadfaidh ball cuideachta nó duine ar bith eile cóip den chlár a iarraidh ón gcuideachta le híocaíocht táille. Is cion é diúltú nó mainneachtain a dhéanamh ar thaobh na cuideachta nó oifigeach na cuideachta maidir leis an gclár. Má dhéanann cuideachta mainneachtain féadtar foirm ghearáin a thabhairt don OSFC ina thaobh.