Sonraí an Chosantóra: 
Mary Kane, stiúrthóir, Kane’s Travel Agency (Longford) Ltd. 
Uimhir Chuideachta: 63823. 
Oifig Chláraithe: 27, Sráid Bhaile Uí Mhatháin, An Longfort. 
Ionad Coinne: 
Cúirt Dúiche Ghránard, Co. An Longfoirt. 
Breitheamh: 
Breitheamh na Cúirte Dúiche, John Neilan 
Cion/Cionta a Líomhnaítear: 
Cúisíodh an cosantóir i 6 cúis faoi leith a bhain lena húdarú nó lena ceadú mar oifigeach i Kanes Travel Agency (Longford) Ltd, suimeanna airgid a thabhairt ar iasacht di féin (tráth a bhí sí ina stiúrthóir ar an gcuideachta sin) agus a fhios aici nó cúis réasúnach aici chun a chreidiúint go raibh an chuideachta ag sárú dá chionn sin alt 31 d'Acht na gCuideachtaí 1990. Is cionta indíotáilte iadsan faoi alt 40(1) d'Acht na gCuideachtaí 1990. 
Toradh: 
Tar éis phléadáil ciontach an chosantóra, shíl an Chúirt na cúiseanna a bheith cruthaithe, caitheadh amach na cúiseanna (faoi alt 1(1) den Acht um Promhadh Ciontóirí 1907) tar éis don chúirt ranníoc an chosantóra do charthanas i Longfort a thabhairt faoi deara.