Sonraí na gCosantóirí: 
Shaun Rippington 
Teachín Eadenstown, Baltreacy, Nás, Co. Chill Dara 
Majella Rippington 
Teachín Eadenstown, Baltreacy, Nás, Co. Chill Dara 
Ionad Coinne: 
Cúirt Dúiche, An Nás 
Breitheamh: 
Breitheamh na Cúirte Dúiche Anderson 
Cionta a Líomhnaítear: 
Cúisíodh na cosantóirí i dtrí chás a bhain le cion faoi alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990, a chuireann ceangal ar chuideachtaí leabhair chuí chuntas a choinneáil maidir leis na tréimhsí airgeadais dar críoch 30 Meitheamh 2002, 30 Meitheamh 2003, agus 30 Meitheamh 2004. 
Toradh: 
Tar éis pléadáil chiontach, chiontaigh an Chúirt gach cosantóir i gcion amháin faoi alt 202 d'Acht na gCuideachtaí 1990 maidir leis an mbliain airgeadais dar críoch 30 Meitheamh 2002 agus ghearr fíneáil €1000 ar gach duine díobh. Ina theannta sin d’ordaigh an chúirt do na cosantóirí costais ionchúisitheora €600 a íoc. Cuireadh san áireamh na cúisimh uile eile a bhí curtha faoi bhráid na cúirte.