Sonraí na gCosantóirí: 
Christies Estate Agents Balbriggan Limited 
Uimhir Chuideachta: 344452 
Oifig Chláraithe: Cearnóg San Seoirse, Baile Brigín, Co. Bhaile Átha Cliath 
Gerard Murphy 
Agus 
Mary Murphy 
Seoladh: 
An bheirt ó 39 The Cairns, Beaubec, Droichead Átha, Co. Lú. 
Ionad Coinne: 
Cúirt Dúiche Bhaile Brigín. 
Breitheamh: 
Breitheamh na Cúirte Dúiche O’Donnell 
Cion/Cionta a Líomhnaítear: 
Cúisíodh gach duine de na cosantóirí i dtrí chion a bhain le sárú ar alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 a chuireann ceangal ar chuideachtaí leabhair chuí chuntas a choinneáil. Bhain na cúiseanna leis na blianta airgeadais dar críoch 31 Iúil 2002; 31 Iúil 2003; agus 31 Iúil 2004. 
Toradh: 
Tar éis pléadáil chiontach a fháil ó gach ceann de na cúisithe chiontaigh an Chúirt an chuideachta agus Gerard Murphy i ngach cion a bhain le sárú ar alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990, ghearr fíneálacha €750 ar an gcuideachta agus fíneáil €250 ar Gerard Murphy agus d'ordaigh an chuideachta agus Gerard Murphy €500 ina iomláine a íoc chuig chostais an ionchúisimh. Shíl an Chúirt na cúiseanna a bheith cruthaithe agus caitheadh amach na cúiseanna ( faoi Alt 1(1) den Acht um Promhadh Ciontóirí 1907 ) i leith Mary Murphy.