« back Ionchúiseamh 2003
 

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach i gcoinne Stuart Fogarty

Dé Máirt 8 Iúil 2003


Sonraí an Chosantóra/na gCosantóirí: 
Stuart Fogarty, Stiúrthóir Aubrey Fogarty Associates Limited 

Uimhir Chuideachta: 24806 

Oifig Chláraithe: 46, Plás San Séamas Thoir, Baile Átha Cliath 2. 

Ionad Coinne: Cúirt Dúiche 45 DMD 

Breitheamh: 
Breitheamh na Cúirte Dúiche Brian Kelly 

Cion/Cionta a Líomhnaítear: 
Cúisíodh an cosantóir i 16 cúis faoi leith a bhain lena údarú nó lena cheadú mar Stiúrthóir ar Aubrey Fogarty Limited, suimeanna airgid a thabhairt ar iasacht dó féin (tráth a bhí sé ina stiúrthóir ar an gcuideachta sin) agus a fhios aige nó cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go raibh an chuideachta ag sárú dá chionn sin alt 31 d'Acht na gCuideachtaí 1990. Is cionta indíotáilte iadsan faoi alt 40(1) d'Acht na gCuideachtaí 1990. 

Toradh: 
Tar éis phléadáil ciontach an chosantóra, shíl an Chúirt an chúis a bheith cruthaithe, caitheadh amach na cúiseanna (faoi alt 1(1) den Acht um Promhadh Ciontóirí 1907) tar éis don chúirt a thabhairt faoi deara gur íoc an cosantóir €3,000 le carthanas.

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e