« back Ionchúiseamh 2005
 

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach i gcoinne Stiúrthóir Srianta

Dé Máirt 6 Nollaig 2005


Ionad Coinne: 
Cúirt Dúiche Sord. 

Breitheamh: 
Breitheamh na Cúirte Dúiche Brady 

An Cion mar a Líomhnaítear: 
Cúisíodh an cosantóir as sárú Alt 161(1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 trí ghníomhú mar stiúrthóirí ar Jetnova Limited, Uimh. Chuid. 301104, le linn bheith faoi réir ordú srianta a rinne an Ard-Chúirt de bhun Alt 150 den Acht céanna agus trí mhainneachtain na gcoinníollacha atá forordaithe san Acht maidir le gníomhú ar bhonn leanúnach mar stiúrthóir cuideachta a urramú. 

Toradh: 
Tar éis pléadáil chiontach ciontaíodh an Cosantóir, gearradh fíneáil €1,500 uirthi agus ordaíodh di €250 de chostais an ionchúisimh a íoc. Ghearr an chúirt freisin téarma príosúnachta 6 mí curtha ar fionraí ar feadh 24 mí. 

I ndiaidh bheith ciontaithe i gcion faoi alt 161(1) d’Acht na gCuideachtaí 1990, measeadh an Cosantaóir de bhun Alt 161(2) den Acht céanna bheith faoi réir ordú dícháilithe. Is é iarmhairt na forála sin go raibh an Cosantóir dícháilithe maidir le bheith ceaptha nó le gníomhú mar iniúchóir, stiúrthóir nó mar oifigeach eile, mar ghlacadóir, leachtaitheoir nó mar scrúdaitheoir nó maidir le bheith bainteach nó páirteach ar shlí ar bith bíodh sé go díreach nó go hindíreach i gcur chun cinn, i bhfoirmiú nó i mbainistíocht aon chuideachta nó aon chumann atá cláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1978 ar feadh tréimhse 5 bliana ag tosú 6 Nollaig 2005. 

Cláraíodh Fógra Achomhairc agus ceapadh an 6 Iúil 2006 mar dháta éisteachta sa Chúirt Chuarda. 

Dé Déardaoin 6 Iúil, 2006 

Achomharc chun na Cúirte Cuarda 

Ionad Coinne: 
Cúirt Cuarda Bhaile Átha Cliath 

Breitheamh: 
An Breitheamh Flanagan 

Toradh: 
Dearbhaíodh ciontú agus ordú na Cúirte Cuarda maidir leis an bhfíneáil agus leis na costais. Chuir an breitheamh Flanagan an phianbhreith choimeádta curtha ar fionraí a gearradh sa Chúirt Chuarda an 6 Nollaig 2005 ar cheal ar bhonn tosca maolaithe a chuir an cosantóir faoi bhráid na Cúirte. Dámhadh costais €250 don ionchúisitheoir i ndáil le hachomharc don Chúirt Chuarda. 

Tugadh an Chúirt faoi deara go measeadh an Cosantóir de bhun Alt 161(2) den Acht céanna, a bheith faoi réir ordú dícháilithe ar feadh tréimhse 5 bliana ó 6 Nollaig, 2005.

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e