« back Ionchúiseamh 2005
 

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach i gcoinne Horgan And O’Sullivan Limited AGUS Martin O’Sullivan AGUS Noel Horgan.

Dé hAoine 9 Nollaig 2005


Sonraí na gCosantóirí: 
Horgan And O’Sullivan Limited 

Uimhir Chuideachta: 117664 

Oifig Chláraithe: Rooska, Beanntraí, Co. Chorcaí. 

Martin O’Sullivan Agus Noel Horgan 

Seoladh: Rooska, Beanntraí, Co. Chorcaí. 

Ionad Coinne: Cúirt Dúiche Bheanntraí. 

Breitheamh: 
Breitheamh na Cúirte Dúiche McNulty.

Cion/Cionta a Líomhnaítear: 
Cúisíodh gach duine de na cosantóirí i gceithre chion a bhain le sárú ar Alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 a chuireann ceangal ar chuideachtaí leabhair chuí chuntas a choinneáil. Bhain na cúiseanna leis na blianta airgeadais dar críoch 30 Aibreán 2001; 30 Aibreán 2002; 30 Aibreán 2003 agus 30 Aibreán 2004. 

Toradh: 
Tar éis pléadáil chiontach, chiontaigh an Chúirt gach cosantóir i gcion amháin faoi alt 202 d'Acht na gCuideachtaí 1990 maidir leis an mbliain airgeadais go dtí 30 Aibreán 2001 agus ghearr fíneálacha €500 ar gach duine acu. Ina theannta sin d’ordaigh an chúirt do na cosantóirí costais ionchúisitheora €1,000 a íoc. Cuireadh san áireamh na cúisimh uile eile a bhí curtha faoi bhráid na cúirte. 

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e