« back Ionchúiseamh 2005
 

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach i gcoinne Kenneth Daly.

Dé Máirt 22 Samhain 2005


Sonraí an Chosantóra: 
Kenneth Daly. 

“Knockatee”, Dún Mór, Co. na Gaillimhe. 

Ionad Coinne: 
Cúirt Dúiche Dhúin Mhóir. 

Breitheamh: 
Breitheamh na Cúirte Dúiche Browne. 

Cion/Cionta a Líomhnaítear: 
Cúisíodh an cosantóir faoi shárú ar Alt 161 (1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 trí ghníomhú mar stiúrthóir ar Enterprise Dunmore Limited, Uimh. Chuideachta 199766 ar dháta nó ar dhátaí anaithnide idir 7 Samhain 2003 agus 28 Meán Fómhair 2005 le linn bheith faoi réir shrianadh na hArd-Chúirte de bhun Alt 150 den Acht céanna agus trí mhainneachtain na gcoinníollacha maidir le gníomhú ar bhonn leanúnach mar stiúrthóir cuideachta atá forordaithe san Acht a urramú 

Toradh: 
Tar éis pléadáil chiontach, ciontaíodh Kenneth Daly, gearradh fíneáil €500 air agus ordaíodh dó €250 ar chostais an ionchúisimh a íoc. I ndiaidh bheith ciontaithe i gcion faoi alt 161 d'Acht na gCuideachtaí 1990, meastar Kenneth Daly de bhun Alt 161(2) den Acht céanna bheith faoi réir ordú dícháilithe. Rinne an t-ionchúisitheoir iarratas iarchiontaithe de bhun Alt 162 d’Acht na gCuideachtaí 1990 an tréimhse dícháilithe a bhfuil an t-uasal Fikentscher faoina réir a chur i bhfeidhm ar feadh 3 bliana ó dháta an chiontaithe agus d'ordaigh an chúirt amhlaidh. Is é iarmhairt na forála sin go bhfuil Kenneth Daly dícháilithe maidir le bheith ceaptha nó le gníomhú mar iniúchóir, stiúrthóir nó mar oifigeach eile, mar ghlacadóir, leachtaitheoir nó mar scrúdaitheoir nó maidir le bheith bainteach nó páirteach ar shlí ar bith bíodh sé go díreach nó go hindíreach i gcur chun cinn, i bhfoirmiú nó i mbainistíocht aon chuideachta nó aon chumann atá cláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1978 ar feadh tréimhse 3 bliana ag tosú 22 Samhain 2005.

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e