« back Ionchúiseamh 2005
 

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach in aghaidh Ray Scully

Dé hAoine 8 Aibreán 2005


Sonraí an Chosantóra:
Ray Scully Feirm agus Cuntais Ghnó Bhig, Baile Mhic Cearúill, an Muileann gCearr, Contae na hIarmhí. 

Ionad Coinne:
Cúirt Dhúiche, Cill Liúcaine 

Breitheamh:
Breitheamh Dúiche, John F.Neilan 

Cion/Cionta a Líomhnaítear:
Líomhnaítear sárú Alt 187 d’Acht na gCuideachtaí 1990 (arna leasú) a chineann na cúinsí ina mbíonn daoine cáilithe ó thaobh an dlí le gníomhú mar Iniúchóirí. Sa chás seo cúisíodh an tUasal Scully i ngníomhú mar Iniúchóir ar Camdenvale Limited agus Cooney Kitchens Limited nuair nach raibh sé cáilithe le bheith ceaptha mar iniúchóir. Rinneadh líomhain i leith an chosantóra freisin maidir le sárú Alt 242(1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 – sin é an cion a bhaineann le soláthar faisnéise bréagaí. 

Toradh:
Tar éis pléadáil chiontach maidir le cúis amháin a bhain le sárú Alt 187 (1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 i ndáil le Camdenvale Limited chiontaigh an Chúirt an Cosantóir agus ghearr fíneáil de €1,000 air agus dhámh Costais ionchúisitheora de €1,000. 

Tar éis pléadáil chiontach maidir le dhá chúis a bhain le sárú Alt 187(6) agus 187 (9) d’Acht na gCuideachtaí 1990 i ndáil le Camdenvale Limited chinn an chúirt go raibh na cúiseanna cruthaithe agus chuir san áireamh iad. 

Tar éis pléadáil chiontach maidir le dhá chúis a bhain le sárú Alt 242 (1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 i ndáil le Camdenvale Limited chinn an chúirt go raibh na cúiseanna cruthaithe agus chuir san áireamh iad. 

Tarraingíodh siar dhá chúis bhreise a bhain le sárú Alt 242 (1) d’Acht na gCuideachtaí 1990. 

Tar éis pléadáil chiontach maidir le cúis amháin a bhain le sárú Alt 187 (1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 i ndáil le Cooney Kitchens Limited chiontaigh an chúirt an Cosantóir agus ghearr fíneáil de €1,000 air agus dhámh Costais ionchúisitheora de €1,000. 

Tar éis pléadáil chiontach maidir le cúis amháin a bhain le sárú Alt 187 (6) agus 187 (9) d’Acht na gCuideachtaí 1990 i ndáil le Cooney Kitchens Limited chinn an chúirt go raibh an chúis cruthaithe agus chuir san áireamh í. 

Tar éis pléadáil chiontach maidir le cúis amháin a bhain le sárú Alt 242 (1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 i ndáil le Cooney Kitchens Limited chinn an chúirt go raibh an chúis cruthaithe agus chuir san áireamh í. 

Tarraingíodh siar cúis bhreise amháin a bhain le sárú Alt 242 (1) d’Acht na gCuideachtaí 1990.

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e