Sonraí an Chosantóra/na gCosantóirí
The Tornado Server Company Limited
Uimhir Chuideachta: 291633
Oifig Chláraithe: 6 Páirc Theicneolaíochta na Gaillimhe, An Pháirc Mhór, Baile Briota, Gaillimh
Ionad Coinne:
Cúirt Dúiche na Gaillimhe
Breitheamh:
Breitheamh na Cúirte Dúiche Fahy
Cion/Cionta a Líomhnaítear:
Cúisíodh an cosantóir in dhá chion a bhain le sárú ar Alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 a chuireann ceangal ar chuideachtaí leabhair chuí chuntais a choinneáil. Bhain na cúiseanna leis na blianta airgeadais dar críoch 31 Nollaig 2002 agus 31 Nollaig 2003.
Toradh:
Tar éis pléadáil chiontach chiontaigh an Chúirt an chuideachta maidir leis an dá chúis, ghearr fíneálacha €450 ina iomláine agus dhámh costais €200 don ionchúisitheoir.