« back Ionchúiseamh 2006
 

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach i gcoinne Muhammad Sabir Hafeez

Dé Céadaoin 21 Meitheamh 2006


Sonraí an Chosantóra: 
Muhammad Sabir Hafeez 

Seoladh: 1 Páirc Riverwood, Caisleán Cnucha, Baile Átha Cliath 15 

Ionad Coinne: 
Cúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath 

Breitheamh: 
Breitheamh na Cúirte Dúiche Sheridan 

Cion/Cionta a Líomhnaítear: 
(1) Contrártha le hAlt 187 (1) d'Acht na gCuideachtaí 1990, ghníomhaigh an t-uasal Hafeez, ag trádáil faoin ainm agus faoin stíl MS Hafeez & Co., mar iniúchóir ar na cuideachtaí a bhfuil tagairt déanta dóibh thíos nuair nach raibh sé cáilithe le haghaidh sin:- 

Azam Restaurant Limited (Uimh. chuid. 306294) le haghaidh na tréimhsí airgeadais dar críoch 30/6/01, 31/12/01, agus 31/12/02; 

People on Line Limited (Uimh. chuid. 335914) le haghaidh na tréimhsí airgeadais dar críoch 31/12/01 agus 31/12/02; 

Laziza Foods Limited (Uimh. chuid. 359058) le haghaidh na tréimhsí airgeadais dar críoch 31/12/02 agus 31/12/03; 

E. Care Limited (Uimh. chuid. 336068) le haghaidh na tréimhse airgeadais dar críoch 31/12/01; 

A. Look Limited (Uimh. chuid. 322344) le haghaidh na tréimhsí airgeadais dar críoch 31/3/02, 31/3/03 agus 31/3/04; 

Eurobydesign (Impex) Limited (Uimh. chuid. 336068) le haghaidh na tréimhse airgeadais dar críoch 31/12/01; 

Koo Koo Roo Limited (Uimh. chuid. 362559) le haghaidh na tréimhse airgeadais dar críoch 30/4/04; agus 

Chicken Hut Limited (Uimh. chuid. 370567) le haghaidh na tréimhse airgeadais dar críoch 30/4/04. 

(2) De bhreis, cúisíodh an t-uasal Hafeez i gcúig chás maidir le sárú ar alt 187(2)(a) d'Acht na gCuideachtaí 1990 as iniúchóireacht a dhéanamh ar chuideachta a raibh sé ag feidhmiú mar oifigeach iontu .i. People on Line Limited; Laziza Foods Limited: E. Care Limited; Koo Koo Roo Limited agus Chicken Hut Limited. 

Toradh: 
Tar éis pléadáil chiontach chiontaigh an Chúirt an cosantóir maidir le gach ceann de na 14 chúiseamh de bhun alt 187(1) d'Acht na gCuideachtaí 1990, agus ghearr fíneáil €4,000 ina iomláine air agus d'ordaigh dó €1,000 a íoc chuig chostas an ionchúisimh. 

Cuireadh san áireamh na 5 chúis de bhun Alt 187 (2) den Acht céanna.

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e