« back Ionchúiseamh 2006
 

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach i gcoinne Harding Fabrications Limited AGUS Brendan O’Brien AGUS Keith O’Brien.

Dé Máirt 28 Márta 2006


Sonraí na gCosantóirí:
Harding Fabrications Limited

Uimhir Chuideachta: 373924

Oifig Chláraithe: 14 Céide Slademore, Ard na Gréine, Baile Átha Cliath 13.

Brendan O’Brien

Agus

Keith O’Brien

Seoladh:
an bheirt ó 14 Céide Slademore, Ard na Gréine, Baile Átha Cliath 13.

Ionad Coinne:
Cúirt Dúiche, Baile Átha Cliath

Breitheamh:
Breitheamh na Cúirte Dúiche Watkin.

Cion/Cionta a Líomhnaítear:
Cúisíodh gach duine de na cosantóirí i gcion a bhain le sárú ar Alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 a chuireann ceangal ar chuideachtaí leabhair chuí chuntais a choinneáil. Bhain na cúiseanna leis an mbliain airgeadais dar críoch 31 Nollaig 2004.

Toradh:
Tar éis pléadáil chiontach, chiontaigh an Chúirt an chuideachta agus Brendan O’Brien i gcion amháin faoi alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990 maidir leis an mbliain airgeadais dar críoch 31 Nollaig 2004, ghearr fíneáil €100 ar gach páirtí agus d'ordaigh dóibh costais €200 i leith an ionchúisimh a íoc. I gcás Keith O’Brien shíl an Chúirt an chúis a bheith cruthaithe, chaith siad amach í ( faoi Alt 1(1) den Acht um Promhadh Ciontóirí 1907) ar an gcoinníoll go n-íocfadh an cosantóir €200 de chostais an ionchúisimh.

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e