« back Ionchúiseamh 2006
 

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach i gcoinne Intrum Justitia Ireland Limited

Dé Máirt 31 Eanáir 2006


Sonraí an Chosantóra: 
Intrum Justitia Ireland Limited
Urlár na Talún,
Bloc 20A,
Páirc Ghnó Parkwest,
Gallanstown,
Co. Bhaile Átha Cliath 

Ionad Coinne: 
Cúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath 

Breitheamh: 
Breitheamh na Cúirte Dúiche Mary Collins. 

Cionta a Líomhnaítear: 
Cúisíodh an cosantóir in dhá chúis a bhain le sárú ar alt 202 d’Acht na gCuideachtaí 1990, a chuireann ceangal ar chuideachtaí leabhair chuí chuntas a choinneáil maidir leis an tréimhse airgeadais dar críoch 31 Nollaig 2002 agus an 31 Nollaig 2003. 

Toradh: 
Níor chuir an cosantóir i gcoinne na gcúiseamh. Shíl an Chúirt an cás a bheith cruthaithe, caitheadh amach na cúiseanna (faoi Alt 1 (1) den Acht um Promhadh Ciontóirí 1907) ar an gcoinníoll go n-íocfadh an cosantóir ranníoc €1,000 le carthanas agus go n-íocfaí €300 de chostais leis an ionchúisitheoir.

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e