« back Ionchúiseamh 2006
 

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach i gcoinne Henning Fikentscher (nó Lenny Fikentscher mar a bhí aithne ag an saol air níos luaithe)

Dé Luain 16 Eanáir 2006


Sonraí an Chosantóra: 
Henning Fikentscher 

Seoladh: 13, Riverside, An Abhainn Dubh, County Loch Garman 

Ionad Coinne: 
Cúirt Dúiche Loch Garman. 

Breitheamh: 
Breitheamh na Cúirte Dúiche Ó'Buachalla 

An Cion mar a Líomhnaítear: 
Cúisíodh an cosantóir as sárú ar alt 161(1) d’Acht na gCuideachtaí 1990 trí ghníomhú mar stiúrthóirí ar HLF Construction Limited, Uimh. Chuid. 370059, le linn bheith faoi réir ordú srianta a rinne an Ard-Chúirt de bhun Alt 150 den Acht céanna agus trí mhainneachtain na gcoinníollacha atá forordaithe san Acht maidir le gníomhú ar bhonn leanúnach mar stiúrthóir cuideachta a urramú. 

Toradh: 
Tar éis pléadáil chiontach ciontaíodh Henning Fikentscher, gearradh fíneáil €700 air agus ordaíodh dó €228 um chostais an ionchúisimh a íoc. 

I ndiaidh bheith ciontaithe i gcion faoi alt 161(1) d'Acht na gCuideachtaí 1990, meastar Henning Fikentscher de bhun Alt 161(2) den Acht céanna bheith faoi réir ordú dícháilithe. Rinne an ionchúisitheoir iarratas iarchiontaithe de bhun Alt 162 d’Acht na gCuideachtaí 1990 an tréimhse dícháilithe a bhfuil an t-uasal Fikentscher faoina réir a chur i bhfeidhm ar feadh 3 bliana ó dháta an chiontaithe agus d'ordaigh an chúirt amhlaidh. Is é iarmhairt na forála sin go bhfuil Henning Fikentscher dícháilithe maidir le bheith ceaptha nó le gníomhú mar iniúchóir, stiúrthóir nó mar oifigeach eile, mar ghlacadóir, leachtaitheoir nó mar scrúdaitheoir nó maidir le bheith bainteach nó páirteach ar shlí ar bith bíodh sé go díreach nó go hindíreach i gcur chun cinn, i bhfoirmiú nó i mbainistíocht aon chuideachta nó aon chumann atá cláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1978 ar feadh tréimhse 3 bliana ag tosú 16 Eanáir 2006. 

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e