« back Freagrachtaí
 

Sna rannóga a leanas leagtar amach príomhfhreagrachtaí cuideachtaí, stiúrthóirí cuideachta agus/nó rúnaithe faoi Achtanna na gCuideachtaí, faoi reachtaíocht thánaisteach agus faoi chásdlí gaolmhar. Tá breis eolais faoi rólanna cuideachtaí, stiúrthóirí cuideachta agus/nó rúnaithe le fáil sna Leabhair Eolais is féidir a íoschóipeáil ag bun an leathanaigh seo.

Freagrachtaí Cuideachtaí

  • Is iad seo a leanas príomhdhualgais chuideachtaí:
  • Leabhair chuí chuntas a choinneáil;
  • Cuntais bhliantúla a ullmhú;
  • Go ndéanfaí iniúchadh bliantúil (faoi réir eisceachtaí);
  • Cláir agus doiciméid áirithe a choinneáil;
  • Doiciméid áirithe a chlárú le Cláraitheoir na gCuideachtaí;
  • Cruinnithe ginearálta na cuideachta a thionól. 


Freagrachtaí Stiúrthóirí Cuideachta
Tá raon leathan agus éagsúil freagrachtaí ag stiúrthóirí cuideachta. As dhá fhoinse go príomha a eascraíonn a gcuid dualgas: reacht (Achtanna an Oireachtais agus reachtaíocht eile, m.sh. Rialúcháin AE) agus dlí coiteann.

Is féidir dualgais stiúrthóirí faoi dhlí coiteann a choimriú faoi thrí phrionsabal:

  • Caithfidh stiúrthóirí a gcumhachtaí a fheidhmiú de mheon macánta agus ar mhaithe na cuideachta ina hiomláine.
  • Ní cheadaítear do stiúrthóirí brabús neamhnochta a dhéanamh as bheith ina stiúrthóir agus ní mór dóibh cuntas a thabhairt in aon bhrabús a fhaigheann siad go rúnda siocair post an stiúrthóra bheith acu.
  • Tá sé d'oibleagáid ar stiúrthóirí a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh le haire, le scil agus le dúthracht chuí.


Seo a leanas dualgais reachtúla stiúrthóirí:

  • Dualgais mar oifigeach cuideachta faoi Achtanna na gCuideachtaí;
  • Dualgas leabhair chuí chuntas a choinneáil;
  • Dualgas cuntais bhliantúla a ullmhú;
  • Dualgas iniúchadh bliantúil a fháil déanta;
  • Dualgas cláir áirithe agus doiciméid eile a choinneáil;
  • Dualgas doiciméid áirithe a chlárú le Cláraitheoir na gCuideachtaí;
  • Dualgas eolas pearsanta áirithe a nochtadh;
  • Dualgas cruinnithe ginearálta na cuideachta a thionól;
  • Dualgais maidir le bearta leis an gcuideachta;
  • Dualgais stiúrthóirí cuideachtaí faoi leachtú agus dualgais stiúrthóirí cuideachtaí dócmhainneacha 


Freagrachtaí Rúnaithe Cuideachta
Is iad príomhfheidhmeanna rúnaí cuideachta riarachán na cuideachta ó lá go lá a mhaoirsiú agus a chinntiú go sonrach go gcomhlíonann an chuideachta an dlí agus go gcloíonn sí lena rialacháin féin.

  • Déanfar achoimre ar a gcuid dualgais mar a leanas:
  • Dualgais reachtúla faoi Achtanna na gCuideachtaí (de ghnáth in éindí le stiúrthóir);
  • Dualgas eolas pearsanta áirithe a nochtadh;
  • Dualgas aire, scil agus dúthracht chuí a fheidhmiú- Dualgais riaracháin 


Naisc Ghaolmhara:

Tá na foilseacháin thíos le fail as Béarla amháin



Search

Office of the Director of Corporate Enforcement
16 Parnell Square, Dublin 1
Telephone: +353 1 858 5800
Email: info@odce.ie