FAQ

Management Companies

Court Rulings

Theme picker

Feature

New Publication:

Single Guide for Companies 
Email info@odce.ie for a copy

Please visit FAQs before contacting the office

Covid-19 and AGMs

What's New

COVID-19 NOTICES
Temporary contact details
Insolvency related issues
Data Protection issues
Statement on the performance of our functions
Temporary amendments to Companies Act 2014
(extended to 30th April 2022)

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach i gcoinne Colin Sullivan AGUS Amanda (a.k.a. Mandy) Sullivan

Dé hAoine 3 Márta 2006


Sonraí na gCosantóirí: 
Colin Sullivan 

AGUS 

Amanda (a.k.a. Mandy) Sullivan 

Seoladh: 
An bheirt ó 149 Cedarfield, Bóthar Dhún Uabhair, Droichead Átha, Co. Lú. 

Ionad Coinne: 
Cúirt Dúiche Dhroichead Átha 

Breitheamh: 
Breitheamh na Cúirte Dúiche Brennan 

Cionta a Líomhnaítear: 
Cúisíodh na cosantóirí as sárú alt 161 (1) d'Acht na gCuideachtaí 1990 as ucht bheith ag gníomhú mar stiúrthóirí ar D.H.S. Flooring Limited, Uimh. chuideachta 342544, le linn bheith faoi réir ordú srianta a rinne an Ard-Chúirt de bhun alt 150 den Acht céanna agus trí mhainneachtain na gcoinníollacha atá forordaithe san Acht maidir le gníomhú ar bhonn leanúnach mar stiúrthóir cuideachta a urramú 

Toradh: 
Tar éis pléadáil chiontach, cúisíodh Colin Sullivan agus Amanda Sullivan agus ghearr an chúirt téarma príosúnachta 6 mhí a cuireadh ar fionraí ar feadh 5 bliana ar gach cosantóir agus d'ordaigh dóibh costais ionchúisitheora €400 a íoc. 

I ndiaidh bheith ciontaithe i gcion faoi alt 161(1) d'Acht na gCuideachtaí 1990, meastar na cosantóirí, de bhun Alt 161(2) den Acht céanna, bheith faoi réir ordú dícháilithe. Is é iarmhairt na forála sin go bhfuil Colin Sullivan agus Amanda Sullivan dícháilithe maidir le bheith ceaptha nó le gníomhú mar iniúchóir, stiúrthóir nó mar oifigeach eile, mar ghlacadóir, leachtaitheoir nó mar scrúdaitheoir nó maidir le bheith bainteach nó páirteach ar shlí ar bith bíodh sé go díreach nó go hindíreach i gcur chun cinn, i bhfoirmiú nó i mbainistíocht aon chuideachta nó aon chumann atá cláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1978 ar feadh tréimhse 5 bliana ag tosú 3 Márta 2006.

Theme picker