« back Management Companies
 

Aontaíonn an Ard-Chúirt le prionsabal neamhspleáchas Iniúchóra mar atá sé cumhdaithe in Alt 187 d’Acht na gCuideachtaí 1990.

Dé Máirt 19 Samhain 2002


Aontaíonn an Ard-Chúirt le prionsabal neamhspleáchas Iniúchóra mar atá sé cumhdaithe in Alt 187 d’Acht na gCuideachtaí 1990.

Tháinig an cheist chun cinn in ionchúiseamh sa Chúirt Dúiche arna saothrú ag an Stiúrthóir ina ndearnadh líomhain gur fheidhmigh an té a bhí cúisithe mar iniúchóir ar dhá chuideachta san am céanna agus a bhí sé ina stiúrthóir ar gach ceann den dá chuideachta sin rud atá contrártha le halt 187. Tugadh a chosúlacht de chás in aghaidh pháirtithe iniúchta an iniúchóra ag eascairt as gníomhaíocht an ghnóthais iniúchta mar iniúchóirí ar an gcuideachta lena mbaineann ag am a raibh an iniúchóir ina oifigeach ar an gcuideachta sin.

Chaith an breitheamh den Chúirt Dúiche na cúiseanna in aghaidh an iniúchóra agus a pháirtithe amach ar fhorais éagsúla. Ba shin faoi deara gur iarr an Stiúrthóir le tagairt don Chás Luaite tuairim na hArd-Chúirte maidir le trí cheist, viz:
  • an raibh an ceart ag an breitheamh nuair a rinne sé cinneadh bunaithe ar an bhfianaise a bhí os a chomhair nach raibh aon chás le freagairt ag an iniúchóir maidir leis an gcúis;
  • an raibh an ceart ag an mbreitheamh nuair a rinne sé cinneadh bunaithe ar an bhfianaise a bhí os a chomhair nach raibh aon chás le freagairt ag páirtithe an iniúchóra;
  • an raibh an breitheamh ceart nuair a chinn sé tar éis cuimhnimh ar aitheanta an chirt nach raibh aon chás le freagairt ag aon cheann de na cúisithe.
Thug an Chúirt freagra diúltach ar gach ceann de na trí cheist. Go sonrach chinn an breitheamh go raibh sé sásta do ndearna an breitheamh Dúiche earráid ó thaobh an dlí de nuair a chinn sé gur gá "mens rea" a chruthú i gcomhthéacs na gcúiseamh a rinneadh in aghaidh na bhfreagróirí. De bhreis iar sin cinneadh nach é an tsaincheist cé atá ceaptha mar iniúchóirí ar na cuideachtaí i gceist ach ar ghníomhaigh aon duine mar iniúchóir nuair a bhí sé dícháilithe chun gníomhú amhlaidh. I ndiaidh chinneadh na hArd-Chúirte chinn an Chúirt Dúiche ar thoradh an ionchúisimh an 1 Bealtaine 2003. 

Doiciméidí le Íoslódáil

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e