An an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach AGUS Eamon AGUS Keri Louise McGreal. Maidir le Mayo Truck Spares Limited AGUS Maidir le Alt 160 d'Acht na gCuideachta 1990.
Mayo Truck Spares Limited
Uimhir Chuideachta: 341850
Oifig Cláraithe: Béal Átha hÉin, Caisleán an Bharraigh, Contae Maigh Eo
Sonraí na Cosantóra
Eamon McGreal
Seoladh: 8B Ardan Mons, Caisleán an Bharraigh, Contae Maigh Eo
Keri Louise McGreal
Seoladh: Cluain Luifin, Baile an Róba , Contae Maigh Eo
Ionad Coinne:
Ardchúirt Átha Cliath
Breitheamh
An Breitheamh Finlay-Geoghegan
An Iarratas:
Faoi bhun Alt 160(2)(b) d'Acht na gCuideachta 1990 (arna leasú de'Alt 42(b) d'Acht um Fhorfheidhmiú Dlí na gCuideachta 2001), féadfaidh an Stiúrthóir dícháiliú a lorg ar stiúrthóirí cuideachta, a raibh bainte den Clár go neamhdheonach de réir Alt 12 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1982.
De réir Alt 160(3A), is feídir le stiúrthóirí cosaint go rathúil iarratas dícháilithe mar sin trí thaispeáint don Ard Chúirt nach raibh aon dliteanas ag an cuideachta ag am bainte den Chlár éadoilteanach nó go scaoileadh as aon dliteanais roimh dáta an iarratais dícháilithe. Nuair a measann an Cúirt go h-oiriúnach é, tá lánrogha ag an Cúirt idir stiúrthóir a dícháiliú ar tréimhse a measann sí oiriúnach nó é nó í a srianadh ar feadh cúig bliain.
Toradh:
An 11ú Feabhra 2013, cuireadh Ordú dícháilithe ar feadh tréimhse cúig bhliain ar Eamon McGreal agus Keri Louise McGreal a raibh ina stiúrthóirí cuideachta ar a dtugtar Mayo Truck Spares Limited.
Is é éifeacht an tOrdú seo ná go bhfuil Eamon McGreal agus Keri Louise McGreal dícháilithe ó bheith ceapaitihe mar nó gníomh mar iniúchóir, stiúrthóir nó oifigeach eile, glacadóir, leachtaitheoir, no scrúdaitheoir nó bheith in aon slí cibé acu go díreach nó go hindíreach lena mbaineann nó ag glacadh páirte i gcur chun cinn, i bhfoirmiú nó i mbainistíocht aon chuideachta nó chumann cláraithe faoi Achtanna um Chumainn Tionscail agus Coigiltis 1893 go 1978 ar feadh tréimhse cúig bhliain ón 11ú Feabhra 2013.