« back Foilseacháin Corparáideacha Eile
 

Tá a doiciméidí nua Seirbhíse Custaiméara foilsithe ag OSFC - Feabhra 2016


Tá an Oifig tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin a sholáthar ar mhodh éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Is é is aidhm dúinn seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar dár gcustaiméirí, faoi mar a shonraítear inár gCairt Chustaiméirí, agus caighdeán na seirbhíse a sholáthraímid a fheabhsú ar bhonn leanúnach. Tabharfaidh an Plean Chustaiméirí tacaíocht do feidhmiúcháin tiomantas seirbhíse inár gCairt Chustaiméirí.

Mar chustaiméir, d’fhéadfá a bheith míshásta leis an gcaighdeán seirbhíse a fuair tú ón Oifig. Aithnímid gur féidir meancóga a dhéanamh agus moilleanna a tharlú. Ceaptar ár Nósanna Imeachta Gearán chun cabhrú leat gearán a dhéanamh ionas go bhféadfaimid freagairt agus, nuair is féidir, rudaí a cheartú.

Tugann ár ndoiciméidí Seirbhíse Chustaiméirí feidhm don tiomantas seo.  Is réimeas ar leithligh é seo ón córas a déileálann le gearáin maidir le sáruithe Dlí na gCuideachtaí.  Chun tuairim a thabhairt nó gearáin a dhéanamh maidir le Seirbhís Chustaiméirí, is féidir leat úsaid a bhaint as an fhoirm a forbraíodh chun na críche sin agus má tá tú míshásta le láimhseáil do ghearán tá foirm iarratas Athbhreithniú le fáil freisin.

Theme picker


Search

Oifig an Stiúrthóra un Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Pharnell, BAC 1
Teileafóin: +353 1 858 5800
Email: i#n#f#o#|#o#d#c#e#.#i#e