Forfheidhmiú

Tá Aonad Fhorfheidhmiú na hOSFC freagrach as líomhaintí sháruithe dlí na gcuideachtaí a ghlacadh agus iad a fhreagairt.  Is sainordaitheach iad líomhaintí agus tuairiscí ó gairmithe áirithe ach is féidir aon duine den phobal iad a dhéanamh freisin.

Agus í ag freagairt do na tuairiscí seo, tugann an Oifig aird ar Prionsabal Fhorfheidhmiú chun freagairt iomchuí a chinneadh. Is iad ná:

• scála agus tromchúis na saincheisteanna bainteach;
• acmhainneacht iarmhairt níos leithne an mí-iompair dealramhach;
• acmhainneacht mí-iompar eile an duine/eintitis bainteach;
• acmhainn an ghearánaigh, agus gearánach ann, an ní/na níthe bunúsach a réiteach gan dul ar iontaoibh na hOifige;
• dóchúlacht toradh dearfach a bhaint amach; agus
• breithnithe leasa phoiblí.

Tá raon freagairtí ag an Oifig, ag dul ó ceartúchán riaracháin trí dlíthíocht shibhialta agus sa deireadh ionchúisimh coiriúla.  Gabhann foireann na hOifige i gceann ionchúisimh coiriúla sa Chúirt Dúiche, agus tarcuirtear chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí le haghaidh ionchúiseamh ar díotáil féideartha.

Má tá imní ar dhuine maidir le cás ina bhfuil amhras faoi mhí-iompar faoi Achtanna na gCuideachtaí, ba chóir don duine sin é a chur ar aghaidh chugainne i scríbhinn ag cur in iúl go beacht cineál an imní. Le go mbeifear in ann measúnú níos fearr a dhéanamh ar cheisteanna a chuirtear faoinár mbráid tá Foirm Ghearáin deartha a chuireann in iúl an cineál faisnéise a theastaíonn.

Míníonn an tAonad na roghanna leighis is féidir a bheith ann, tógann sé na céimeanna cuí chun an gearán a thabhairt chun críche nó a chur ar aghaidh agus cuireann ar taifead an dul chun cinn atá déanta. B’fhéidir i gcásanna áirithe go gcaithfidh sé cúnamh a iarraidh ó chomhfhreagraithe ar bhonn leanúnach. I bhfianaise an mheasúnaithe a dhéanfar ar an eolas agus ar an ábhar taca déanfaidh an tAonad cinneadh faoi cén gníomhú más tada a bheadh cuí agus cé an chaoi ab oiriúnaí chun sásamh a bhaint amach nó pionós a ghearradh faoin dlí.

Cé go bhfuil sé ceadaithe gearán a dhéanamh agus gan ainm a chur leis, ní rud é a mholaimid mar is bac orainn de ghnáth é agus muid ag iarraidh cás a thabhairt chun cinn. Dá bharr sin coimeádann an OSFC an ceart gan gearán den saghas sin a bhreithniú.

Is cumasc an Fhoireann d'fhoireann riarúcháin, dlí, chuntasaíochta agus Gharda.


Naisc lena mbaineann:

Rialuithe Cúirte

Theme picker

Airí

Foilseacháin Nua: Treoir Do Cuideachtai Aonbhaill
Chuir rphoist chuig info@odce.ie chun cóip a fháil
Tabhairt cuairt ar na CFManna sula ndéanann tú teagmháil leis an oifig
Covid-19 agus CGBanna.

Ceard atá Nua

FÓGRAÍ COVID-19
Sonraí teagmhála sealadacha
Saincheisteanna - Dócmhainneacht
Saincheisteanna - Cosaint Sonraí

Ráiteas - feidhmíocht ár bhfeidhmeanna (Béarla amháin)
Leasuithe sealadacha ar Acht na gCuideachtaí 2014
(síneadh go 31 Nollaig 2021)

Nuacht is Déanaí

Tuarascáil Bhliantúil na OFSC do 2021 le fáil anois

Deiseanna gairme leis an Údarás Forfheidhmithe Corparáideach

Bunú an UFC